Skip to main content
Páirceáil Cónaitheora nó Cuairteora - Coinníollacha
- Is é an t-iarratasóir atá freagrach as cead páirceála bailí a thaispeáint, mar atá sonraithe sna Fodhlíthe um Rialú Páirceála.
- In aon bhliain amháin, eiseoidh an Chomhairle, iar iarratas ó chónaitheoir, aon chead páirceála amháin in aghaidh an ghluaisteáin
laistigh dá limistéar páirceála féin, faoi réir fianaise inghlactha arna cur ar fáil ag an gcónaitheoir.
- Beidh eisiúint ceadanna faoi rogha na Comhairle agus faoi réir uasmhéid de 4 chead in aghaidh an tí, 1 cheadúnas in aghaidh an
árasáin i gceantair chónaithe agus i gceantair chónaithe láir agus 2 cheadúnas in aghaidh an árasáin i mbruachbhailte
seanbhunaithe/seachtracha mar atá sainmhínithe sa Phlean Forbartha Cathrach. (Is féidir na criosanna a fheiceáil ar
www.galwaycity.ie)
- Is é sealbhóir an cheada páirceála agus eisean nó ise amháin a bheidh freagrach as athnuachan an cheadúnais pháirceála.
- Ní mór ceadúnas páirceála an chónaitheora a athnuachan laistigh den tréimhse athnuachana, is tréimhse a chríochnaíonn 28 lá
tar éis dá dhul in éag. Déileálfar le hiarratas ar athnuachan ina dhiaidh sin mar iarratas nua, rud a d’fhéadfadh cur isteach ar
incháilitheacht. Beidh fógraí um muirir sheasta arna n-eisiúint 28 lá tar éis dul in éag an cheada bailí.
- Má aistríonn tú ón seoladh thuas, nó má dhéanann tú d’fheithicil a dhiúscairt, ní bheidh do cheadúnas bailí a thuilleadh agus ní
mór é a thabhairt ar ais chuig an gComhairle láithreach.
- Má dhéanann tú an feithicil lena mbaineann an cead a athsholáthar, ní mór duit an ceadúnas a thabhairt ar ais chuig an
gComhairle agus iarratas a dhéanamh ar cheadúnas nua chun na doiciméid ábhartha a chur isteach i ndáil leis an bhfeithicil nua
agus an táille iomchuí a íoc.
- Chun seoladh a athrú laistigh de limistéar cead páirceála cónaithe nó ó limistéar cead páirceála cónaithe amháin go ceann eile,
féach foirm iarratais i ndáil le hAthrú Seoladh. Beidh cead arna eisiúint faoin bhFodhlí seo bailí ar fad a bhfuil fágtha den tréimhse
a shonraítear sa chead bunaidh.
- Déanfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe aon chead páirceála cónaitheora a chealú agus a aistarraingt, é sin nó diúltóidh sí an
t-athnuachan má chruthaítear go bhfuil an cead faighte ag sealbhóir an cheadúnais mar gheall ar fhaisnéis nó doiciméid
mhíchruinn a sholáthar.
- Tabhair do d’aire, i gcás réadmhaoin a ligtear ar cíos, nach mór an réadmhaoin a chlárú de réir Rialacháin na dTithe (Rialáil Tithe
ar Cíos), 1996 agus an tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe, 2004.
- Ní thugann seilbh cead páirceála cónaitheora ráthaíocht don sealbhóir spás páirceála a bheith acu i gcónaí.
Níl spásanna páirceála ar do shráid ináirithe. Is féidir le duine ar bith iad a úsáid. Áirítear leis seo sealbhóirí ticéad Íoc agus
Taispeáin ar théarma seasta.
- Féadfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe faisnéis bhreise a iarraidh maidir le húinéireacht na feithicle agus cruthúnas cónaitheachta
- Níl feithiclí a bhfuil ceadúnas tráchtála ag gabháil leo incháilithe chun Cead Páirceála Cónaithe a fháil.