Sainmhínithe
- Sainmhínítear “Cónaitheoir” mar “duine a bhfuil an Chomhairle sásta go gcruthaíonn sé nó sí go bhfuil a ghnátháit chónaithe ag áitreabh atá suite ar shráid i gcrios cead páirceála cónaithe”.
- Ciallaíonn “Cuairteoir” duine a thugann cuairt ar an gcónaitheoir, a bhuaileann isteach air nó uirthi nó a fhanann leis nó léi, nó a dhéanann an cónaitheoir é nó í a fhostú chun oibreacha a dhéanamh ar an teaghais.
- Ciallaíonn “Ceadúnas Páirceála Cónaitheora Bailí” cead páirceála cónaitheora a bhaineann le crios nó criosanna cead páirceála cónaithe áirithe agus le tréimhse nach bhfuil dulta in éag agus arna eisiúint ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar ina limistéar feidhme atá an fheithicil ar a bhfuil an cead ar taispeáint á páirceáil
- “Cúramóir” is ea duine a thugann cúram do chónaitheoir a dteastaíonn cúram laethúil leanúnach uaithi/uaidh de bharr breoiteachta ainsealaí.
- Ciallaíonn “Cead Páirceála Cúramóra" cead páirceála a bhaineann le crios nó criosanna ceada páírceála cónaithe ar leith agus le tréimhse nár éag go fóill agus a eisíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe a bhfuil an fheithicil ar a bhfuil an cead ar taispeáint ann páirceáilte ina limistéar feidhme.