Cead Páirceála Cúramóra-Coinníollacha:
-
1. Féadfaidh an Chomhairle Contae dhá cheann de cheadanna páirceála cúramóra ar a mhéad a eisiúint do bhall/bhaill teaghlaigh/duine/daoine ainmnithe/cúramóir(í) neamhchónaithe a ghníomhaíonn mar chúramóirí deonacha i gcás cónaitheora a bhfuil gnáthchónaí uirthi nó air i limistéar ticéadpháirceála agus a dteastaíonn cúram laethúil leanúnach uaithi/uaidh de bharr breoiteachta ainsealaí.
-
2. Is faoin iarrthóir a bheidh sé an cead bailí páirceála, mar a shonraítear é sna Fodhlíthe Rialaithe Páirceála, a chur ar taispeáint.
-
3. Beidh cead páirceála bhall/bhaill teaghlaigh/duine/daoine ainmnithe/cúramóir(í) neamhchónaithe bailí go ceann tréimhse bliana ón dáta eisiúna.
-
4. Eiseofar cead páirceála bhall/bhaill teaghlaigh/duine/daoine ainmnithe/cúramóir(í) neamhchónaithe maidir le limistéir cead páirceála cónaithe ina bhfuil gnátháit chónaithe an duine a dteastaíonn an cúram laethúil leanúnacha uaithi/uaidh agus crios amháin cóngarach dá shórt, faoi mar a bheadh.
-
5. Eiseofar ceadanna faoi rogha na Comhairle.
-
6. Is faoi shealbhóir an cheada pháirceála amháin, is é sin an cúramóir, a bheidh sé an cead páirceála a athnuachan.
-
7. Caithfear cead páirceála cúramóra a athnuachan laistigh den tréimhse athnuachana, a chríochnaíonn 28 lá i ndiaidh éag an cheada reatha. Caithfear le hiarratas ar athnuachan ina dhiaidh sin mar iarratas nua, rud a d’fhéadfadh difríocht a dhéanamh do cháilitheacht. Fógraí táillí seasta bailí a bheidh i bhfógraí táillí seasta a eiseofar 28 lá i ndiaidh éag an cheada bhailí.
-
8. Má chuireann tú feithicil in ionad na feithicle a mbaineann an cead léi, ní mór duit an cead a chur ar ais chuig an gComhairle agus cur isteach ar chead nua agus na doiciméid chuí don fheithicil nua a chur ar aghaidh agus an táille cuí a íoc.
-
9. I gcás go dtagann deireadh le cónaí an chónaitheora lena mbaineann an cead ag an seoladh sonraithe, le linn na tréimhse a mbaineann cead an chúramóra léi, caithfear an cead a chur ar ais chuig an gComhairle Cathrach láithreach.
-
10. Má thagann sé chun solais go bhfuarthas cead cúramóra mar thoradh ar eolas nó doiciméid mhíchruinne, cealóidh Comhairle Contae na Gaillimhe é, aistarraingeofar é nó ní athnuachfar é.
-
11. Iarrtar ort a thabhairt ar aird, i gcás maoine ar cíos, go gcaithfidh an mhaoin a bheith cláraithe de réir na Rialachán Tithíochta (Rialú Tithe ar Cíos), 1996 agus an Acht um Thionóntachtaí Cónaithe, 2004.
-
12. Ní chiallaíonn cead páirceála cúramóra a bheith i seilbh duine go mbeidh spás páirceála ag an sealbhóir an t-am ar fad ar an mbóthar/na bóithre lena mbaineann an cead páirceála.
-
13. Ní fhorchoimeádtar spásanna páirceála ar do shráidse. Is ceadmhach do dhuine ar bith iad a úsáid. Ina measc siúd tá sealbhóirí ticéad Íoc agus Taispeáin téarma socraithe.