Ceadúnais Pháirceála

Páirceáil Cónaitheora nó Cuairteora-Doiciméid is gá a chur isteach

        Cead Páirceála Cónaitheora - Iarratas Céaduaire nó Athnuachana, Athrú Feithicle

  • Cóip den Deimhniú Úinéireachta (logleabhar) ag seoladh an cheadúnais.
    (Ní gá feithiclí mac léinn agus feithiclí cuideachta a chlárú ag seoladh an cheadúnais).
  •  Cóip de do Chruthúnas Cónaitheachta reatha, dátaithe laistigh de 3 mhí anuas, agus d’ainm agus do sheoladh
    léirithe ann: i.e. Ráitis Airgeadais, Comhaontú Tionóntachta, Billí Fóntais is Inghlactha e.g. Billí Leictreachais, Bord
    Gáis, Eircom, VirginMedia/Sky, Banc/Cárta Creidmheasa/Ráitis Comhar Creidmheasa, inghlactha.
    Ní ghlactar le billí neamhthí ná le billí um fhón póca.

    Tabhair faoi deara:
    Maoin ar Cíos: Má tá maoin ar cíos agat, beidh cóip de do chomhaontú tionóntachta nó litir ón mBord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha a dheimhníonn gur tionónta thú ag an seoladh lena mbaineann an t-iarratas ag teastáil.
    Cónaitheoir: Murar Úinéir ná Duine le Maoin ar Cíos thú, beidh cóip de Ráiteas Bainc nó Teastas Cáin Ioncaim ag teastáil lena chruthú go cónaíonn tú ag an seoladh a luadh.

  • Cóip den Deimhniú Árachais reatha i ndáil leis an gcláruimhir feithicle atá luaite ar an bhfoirm iarratais. Caithfidh
    an Deimhniú Árachais a bheith in ainm an iarratasóra agus ní mór go luaitear ann an seoladh sin arna lua ar an
    bhfoirm iarratais.
    (a) Má tá an fheithicil cláraithe in ainm cuideachta, ní mór duit cóip den deimhniú árachais reatha a sholáthar i ndáil
    leis an bhfeithicil agus litir ón gcuideachta ina luafar go bhfuil tú fostaithe acu agus go bhfuil gnáthúsáid na
    feithicle agat.
    (b) Ní mór do mhic léinn ar tiománaí ainmnithe iad i ndáil le hárachas a dtuismitheoirí cruthúnas a sholáthar go
    bhfuil siad ag freastal ar choláiste i nGaillimh.
    Má tá iarratas um “Athrú Feithicle” á chur isteach agat, seol ar ais an Ceadúnas Páirceála do Chónaitheoirí arna
    eisiúint cheanna féin.
  • Táille €30 - le híoc tar éis don iarratas a bheith ceadaithe. Cuirfidh baill foirne iarratasóirí ar an eolas ar an teileafón nó trí
    ríomhphost.

     


    Cead Cuairteora

  • Cead Cónaitheora Bailí nó Cruthúnas Cónaitheachta, dátaithe laistigh de na 3 mhí dheireanacha e.g. Féach
    thuas
  • Táille : Díoltar ceadanna ina mar beart de 4 cinn ar €10.
  • Ordú Uasta : is ionann é agus 104 Cead in aghaidh an aonaid chónaithe/na bliana rollta, ar chostas €260
    • Nóta : Iarratasóirí Céaduaire - ní gá íocaíocht a dhéanamh go dtí go mbeidh an t-iarratas ceadaithe.
    Ní ghlacfar le hIarratais Neamhiomlána nó Neamhshínithe, nó ní dhéanfar iad a phróiseáil