Cead Páirceála Cúramóra-Doiciméid is gá a chur isteach
1. Caithfidh an Chónaitheoir/Iarrthóir cóip de chruthúnas reatha ar chónaitheacht (is é sin, de dháta nach faide ná 3 mhí ó shin) a thaispeánann d'ainm agus do sheoladh, mar shampla, bille fóntais, ráiteas airgeadais, comhaontú tionóntachta nó doiciméad eile (BSL, Bord Gáis, eircom, bille NTL/bainc, cárta creidmheasa, ráiteas chumann creidmheasa) is inghlactha don Chomhairle (ní ghlacfaidh an Chomhairle Cathrach le billí neamhtheaghlaigh ná billí fón póca).
2. Litir dheimhniúcháin ó dhochtúir an chónaitheora ag rá go bhfuil cúram leathúil leanúnach de díthh ar an gcónaitheoir de bharr breoiteachta ainsealaí.
3. Caithfidh an cúramóir cóip den Teastas Árachais reatha ina (h)ainm féin agus uimhir chlárúcháin na feithicle a chur ar aghaidh. Má tá an fheithicil cláraithe in ainm chomhlachta caithfidh tú cóip den teastas árachais reatha don fheithicil a sholáthar MÓIDE litir ón gcomhlacht ag rá gur fostaí dá gcuid thú agus go bhfuil gnáthúsáid na feithicle agat.
4. Beidh €10 le híoc tar éis fhaomhadh d'iarratais (baineann an táille le cead amháin nó le dhá chead ar a mhéad agus/nó athrú feithicle).
Ná cuir airgead ar aghaidh leis an bpost. Ba cheart go mbeadh seiceanna/orduithe poist iníoctha le Comhairle Cathrac na Gailllimhe. De rogha air sin is féidir leat an táille a íoc go pearsanta in oifigí poiblí na Comhairle.