Cead Pháirceála Cuairteora

Is cónaitheoir mé i limistéar Íoc agus Taispeáin; cén áit ar féidir le cuairteoirí ar m’áit chónaithe páirceáil?

Tá gach Cónaitheoir i Limistéar Íoc agus Taispeáin i dteideal iarratas a dhéanamh ar Cheadanna Cuairteora. Ceadaíonn Cead Cuairteora do chuairteoirí páirceáil i limistéir Íoc agus Taispeáin in aice le seoladh an chónaitheora.

Cead Páirceála-Coinníollacha 

 

Teidlíocht – Líon na gCeadanna Cuairteora:

Nuair a fhaomhtar ceadanna cuairteora do chónaitheoir tá an cónaitheoir i dteideal 52 cead cuairteora in aghaidh na bliana agus tá teorainn iomlán 104 cead in aghaidh an aonaid tithíochta i bhfeidhm.

 

Costas na gCeadanna Cuairteora

Cosnaíonn Cead Cuairteora €2.50 agus díoltar iad i mbloic de 4 cinn ar chostas €10.

 

Coinníollacha Úsáide – Ceadanna Cuairteora

Caithfear an diosca a úsáid in áit pháirceála Íoc agus Taispeáin sna sráideanna/criosanna ainmnithe ar an diosca páirceála. Níl sé bailí le húsáid in aon limistéar Íoc agus Taispeáin eile.

Caithfidh an cuairteoir an bhliain, an mhí, an lá, an uair agus an nóiméad (go dtí an cúig nóiméad is gaire) gur mian leis an gcuairteoir tosú ag páirceáil a chur in iúl trí na painéil chuí a nochtadh. Caithfidh na painéil a nochtfar a bheith soléite.

Taispeáin an diosca ar dheais tosaigh an chairr leis an am inléite go soiléir ón taobh amuigh den fheithicil.

Is í an uastréimhse páirceála tréimhse leanúnach ceithre huaire fichead ón am a thosaíonn an pháirceáil e.g. má scriostar an 3 Nollaig 2013 ag 3.30pm tá an cead bailí go dtí an 4 Nollaig 2013 ag 3.30pm.

Tá Dioscaí Páirceála Cuairteora neamh-inaisíoctha.

Féadfaidh cuairteoirí nó daoine atá i mbun oibre i dteach an chónaitheora ceadanna a úsáid. Tá sé de fhreagracht ar an gcónaitheoirí a chinntiú gur amhlaidh atá.

 

Céard é an próiseas iarratais chun cead páirceála cuairteora a fháil?

Ní mór Foirm Iarratais ar Chead Páirceála Cuairteora a íosódáil agus a líonadh go hiomlán mar aon leis na cáipéisí seo a leanas.

 

Seol an fhoirm iarratais chomhlánaithe agus an cháipéisíocht riachtanach chuig:

Seirbhísí do Chustaiméirí
Comhairle Cathrach na Gaillimhe,
Halla na Cathrach,
Bóthar an Choláiste,
Gaillimh

Díoltar ceadanna cuairteora i mbloic de 4 cinn ar chostas €10. Caithfear íocaíocht a dhéanamh san oifig airgid ag Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.