Cead Pháirceála Cónaitheora

Céard é cuspóir an Cheada Páirceála Cónaitheora agus an próiseas iarratais chun é a fháil?

Féadfaidh cónaitheoirí i limistéar Íoc agus Taispeáin iarratas a dhéanamh ar Chead Páirceála Cónaitheora, a cheadaíonn dóibh páirceáil sa limistéar sainithe Íoc agus Taispeáin trí chead páirceála cónaitheora a thaispeáint ar a bhfeithicil.

Is é cuspóir an cheada cónaitheora páirceáil ar an tsráid a chur ar fáil do theaghlaigh ag an seoladh cónaitheach lena mbaineann.

Is éard is ‘Cónaitheoir’ ann:

Úinéirí Maoine

Daoine a bhfuil Maoin ar Cíos acu

Daoine a chónaíonn i maoin nach leo agus nach bhfuil ar cíos acu


Cead Páirceála-Coinníollacha 

An Próiseas Iarratais:

Íoslódáil agus líon isteach foirm iarratais i gcomhair cead páirceála cónaitheora.

Ní mór gach cuid den fhoirm iarratais seo a líonadh go hiomlán mar aon leis na cáipéisí seo a leanas.
 

Ba cheart táille €30 a íoc leis an gComhairle tar éis go bhfaomhtar d’iarratas.

Ba cheart iarratais chomhlánaithe a sheoladh ar ais chuig:

An Rannán Tráchta,
Comhairle Cathrach na Gaillimhe,
Halla na Cathrach,
Bóthar an Choláiste,
Gaillimh

Bíonn cead páirceála cónaitheora bailí ar feadh bliain amháin, agus ina dhiaidh sin, caithfidh tú d’iarratas ar chead páirceála a athnuachan le leanúint ar aghaidh ag páirceáil sa limistéar Íoc agus Taispeáin.

 

Cén chaoi a ndéanfaidh mé athnuachan ar mo chead páirceála cónaitheora?

Caithfidh cónaitheoirí a gceadanna páirceála a athnuachan go bliantúil.

Murar athraigh sonraí d’fheithicle agus do sheolta féadfaidh tú do Chead Páirceála cónaitheora a athnuachan mar seo a leanas:

Íoslódáil agus líon isteach foirm iarratais i gcomhair cead páirceála cónaitheora agus cuir tic sa bhosca “Athnuachan ar Chead”.

Ní mór gach cuid den fhoirm iarratais seo a líonadh go hiomlán mar aon leis na cáipéisí seo a leanas.
 

Táille athnuachana €30

Seol na hiarratais chomhlánaithe chuig:

Seirbhísí do Chustaiméirí,
Comhairle Cathrach na Gaillimhe,
Halla na Cathrach,
Bóthar an Choláiste,
Gaillimh.

Seol ríomhphost chuig: customerservice@galwaycity.ie

 

Tá cead páirceála cónaitheora agam agus tá m’fheithicil athraithe agam, an dteastaíonn cead nua uaim?

Teastaíonn, is gá cead nua a eisiúint le huimhir chlárúcháin na feithicle nua.

Chun do chead a nuashonrú

Íoslódáil agus líon isteach foirm iarratais i gcomhair cead páirceála cónaitheora agus cuir tic sa bhosca “Feithicil a Athrú”.

Ní mór gach cuid den fhoirm iarratais seo a líonadh go hiomlán mar aon leis na cáipéisí seo a leanas.

 

Seol an cead páirceála cónaitheora ar ais leis an seanchlárúchán feithicle.

Íoc táille €30 as an gcead nua.