Comhshaol

People jumping on a beach holding signs for Clean Coasts and GCC Climate Action

Bain Taitneamh as do Thrá 2025! Ceiliúradh Trí Lá ar Thránna agus Éiceachórais Chois Cósta Áille na Gaillimhe

24 March 2025

Tá áthas ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, i gcomhpháirtíocht le Cóstaí Glana, seoladh Bain Taitneamh as do Thrá 2025 a fhógairt, imeacht trí lá do theaghlaigh a bheidh ar siúl ó Dé Céadaoin an 14 Bealtaine go dtí Dé hAoine an 16 Bealtaine, 2025. Déanfaidh an t-imeacht seo ceiliúradh ar áilleacht, ar bhithéagsúlacht agus ar luach áineasa thránna na Gaillimhe, Trá Bhaile an Locháin, Trá Grattan, Trá na mBan agus Trá na gCeann ina measc.

Particpants at sewing workshop with fabrics

Ceardlann Fuála ‘Chathair Chiorclach na Gaillimhe’ ag Spreagadh Cruthaitheacht Inbhuanaithe

24 March 2025

Bhí trí cheardlann fuála ar éirigh thar cionn leo ar siúl ar feadh trí thráthnóna in Óstán Chuan na Gaillimhe le déanaí, ag tabhairt seans do rannpháirtithe teicnící fuála a fhoghlaim trí fhabraicí priontáilte iontacha Afracacha, leis an dearthóir áitiúil Virtue Shine. Bhí na ceardlanna maoinithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe tríd an tionscnamh ‘Cathair Chiorclach na Gaillimhe’, a spreagann cosc ar chur amú chomh maith le hathúsáid chruthaitheach ábhair a chur chun cinn.

Staff and Residents in Wellpark Grove at new mural

Cónaitheoirí Gharrán Pháirc an Tobair ag Teacht le Chéile do Thionscadal Comhshaoil Pobail: Ceiliúradh á dhéanamh ar an mBithéagsúlacht le Crainn Úll agus Múrphictiúr

24 March 2025

Tá áthas ar chónaitheoirí Gharrán Pháirc an Tobair i gCathair na Gaillimhe a fhógairt go bhfuil an tionscadal bóithrín ag an mbealach isteach chuig Pháirc Uí Shúilleabháin, atá ainmnithe i ndiaidh Jimmy O’Sullivan as Mervue, duine de bhunaitheoirí Mervue United, curtha i gcrích anois.
Comhairle Cathrach na Gaillimhe a mhaoinigh an tionscnamh seo chun timpeall ar an mbóithrín a fheabhsú agus spiorad pobail a chur chun cinn i gceantar Pháirc an Tobair.