
Tá áthas ar chónaitheoirí Gharrán Pháirc an Tobair i gCathair na Gaillimhe a fhógairt go bhfuil an tionscadal bóithrín ag an mbealach isteach chuig Pháirc Uí Shúilleabháin, atá ainmnithe i ndiaidh Jimmy O’Sullivan as Mervue, duine de bhunaitheoirí Mervue United, curtha i gcrích anois.
Comhairle Cathrach na Gaillimhe a mhaoinigh an tionscnamh seo chun timpeall ar an mbóithrín a fheabhsú agus spiorad pobail a chur chun cinn i gceantar Pháirc an Tobair.
Thug an tionscnamh seo cónaitheoirí le chéile chun tionchar buan a bheith acu ar a mbóithrín comharsanachta. Sa tionscadal seo cuireadh crainn úll agus cruthaíodh múrphictiúr spleodrach. Bhí an dá ghníomh seo spreagtha ag bithéagsúlacht na háite. Tá athrú ó bhonn déanta ar an mbóithrín mar gheall ar an tionscnamh seo agus is spás spleodrach agus fáilteach anois é don phobal.
Mar chuid den tionscadal tá múrphictiúr álainn a rinne an t-ealaíontóir Ronan Connor a bhíodh ina chónaí i nGarrán Pháirc an Tobair tráth. Chuaigh Ronan i mbun rannpháirtíochta leis an bpobal áitiúil ag seacht gcinn de chruinnithe chun tuiscint a fháil ar céard go díreach a d’fheilfeadh an áit. Dhear sé agus phéinteáil sé múrphictiúr gleoite, bunaithe ar na comhráite sin, inar cuireadh éin, fiadhúlra agus bláthanna na háite i láthair. Bhí ríméad ar na cónaitheoirí an saothar ealaíne a fheiceáil ag teacht le chéile, rud a thug leibhéal nua féiniúlachta agus mealltachta don bhóithrín.
Dúirt Fergal Cushen, Oifigeach Feasachta Comhshaoil Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, “Bhí dhá aidhm ag an tionscadal seo: cur go dearfach le haeistéitic an bhóithrín agus ceangal an phobail a láidriú trí spás fáilteach a chur ar fáil do na daoine a úsáideann é gach lá.”
Tarraingíonn an tionscnamh seo aird ar an gcumhacht atá ag comhoibriú an phobail agus an tionchar dearfach atá aige ar iarrachtaí glasaithe uirbigh. Bainfidh cónaitheoirí Gharrán Pháirc an Tobair taitneamh as an áit nua seo agus gach duine a bhaineann úsáid as an mbóithrín ó Gharrán na Teamhrach, Mervue United, Thermo King, ATU agus neart eile.
Tá an tionscadal seo tábhachtach do pháistí an cheantair go háirithe, mar go gcuireann sé timpeallacht níos daite, tarraingteach, agus lán le nithe ón dúlra ar fáil dóibh. Is foinse inspioráide agus oideachais é an múrphictiúr a thabharfaidh cúnamh do pháistí an fiadhúlra áitiúil a aithint agus meas a thaispeáint dó, agus bainfidh siad féin sult agus taitneamh as bheith ag breathnú ar na crainn seo ag fás agus iad faoi bhláth. Tá an bóithrín níos sábháilte anois, níos glaise, agus níos taitneamhaí le haghaidh siúl, rothaíocht, agus spraoi.
Dúirt Paul Connolly, Innealtóir Feidhmiúcháin Sinsearach sa Rannóg Comhshaoil i gComhairle Cathrach na Gaillimhe, “Tá tionscadail ar nós an chinn seo, a mbíonn baint ag an gComhairle Cathrach, pobal na háite agus ealaíontóirí na háite leo, an-tábhachtach do na ceantair a bhíonn i gceist. Cuimsíonn an bóithrín seo an spiorad pobail iontach atá anseo cheana”.
Gabhann cónaitheoirí Gharrán Pháirc an Tobair a mbuíochas le Fergal Cushen agus le Comhairle Cathrach na Gaillimhe as a ndúthracht don tionscadal agus le Ronan Connor as an ábhar ealaíne spreagúil a chruthaigh sé. Is áit níos spleodraí agus fáiltí an bóithrín anois do gach duine de bharr a gcuid iarrachtaí.
Maoiníodh an tionscadal seo faoin Scéim Deontais Frithghraifití-Frithbhruascair.