
Bhí trí cheardlann fuála ar éirigh thar cionn leo ar siúl ar feadh trí thráthnóna in Óstán Chuan na Gaillimhe le déanaí, ag tabhairt seans do rannpháirtithe teicnící fuála a fhoghlaim trí fhabraicí priontáilte iontacha Afracacha, leis an dearthóir áitiúil Virtue Shine. Bhí na ceardlanna maoinithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe tríd an tionscnamh ‘Cathair Chiorclach na Gaillimhe’, a spreagann cosc ar chur amú chomh maith le hathúsáid chruthaitheach ábhair a chur chun cinn.
Ba í an dearthóir áitiúil Virtue Shine ó Emerald & Wax a stiúir na ceardlanna, ag tabhairt treoir do rannpháirtithe tríd an bpróiseas i ndáil le fuíollphíosaí inbhuanaithe a athrú ó bhonn ó éadach priontáilte Afracach go taipéisí balla lámhdhéanta ar leith. Ní hamháin gur dhírigh na ceardlanna ar shaothair ealaíne áille a chruthú ach cuireadh béim freisin ar an tábhacht a bhaineann le laghdú anuas ar chur amú teicstílí agus ábhair atá caite uainn againn agus iad úsáid arís ar bhealaí éagsúla agus nuálacha.
Dúirt Fergal Cushen, Oifigeach Feasachta Comhshaoil Chomhairle Cathrach na Gaillimhe: “Múineann na ceardlanna seo scileanna nua do dhaoine ach tarraingíonn sé aird freisin ar an méid is féidir linn a dhéanamh chun laghdú anuas ar an méid teicstílí a chuirtear amú nuair a bhreathnaíonn muid ar an gcás le dearcadh difriúil. Is í an chruthaitheacht seo bun agus barr an gheilleagair chiorclaigh – is dea-shampla é a thugann spreagadh dúinn smaoineamh arís ar gcaidreamh atá againn le hacmhainní.”
Fuair an tsraith aiseolas dearfach ó rannpháirtithe, d’inis go leor acu dúinn faoin áthas a bhí orthu seans a fháil scileanna fuála nua a fhoghlaim agus iad ag cuidiú le cúrsaí inbhuanaitheachta ag an am céanna. Tá misneach tugtha ag na ceardlanna seo do dhaoine smaoineamh ar an méid éadach a chuireann siad féin amú agus ar an gcaoi gur féidir coincheapa cosúil leis seo a thabhairt isteach ina saol féin.
Dúirt Paul Connolly, Innealtóir Feidhmiúcháin Sinsearach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe: “Tá an-áthas orainn a bheith páirteach sna ceardlanna tábhachtacha seo, agus tá muid an-bhuíoch as an aiseolas dearfach ar fad a fuair muid óna rannpháirtithe. Is fadhb mhór áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta é cur amú teicstílí, agus is iontach an bealach é seo chun teicstílí a chur ar ais in úsáid arís sa ngeilleagar, le dearadh agus smaoineamh nua.
Tá ‘Cathair Chiorclach na Gaillimhe’ fós ag tabhairt tacaíochta do chleachtais inbhuanaithe agus ag cothú nuálaíochta sa phobal. Tá na ceardlanna seo ag cur le feasacht ar inbhuanaitheacht agus ag cur scileanna inláimhsithe ar fáil atá ag teacht le héiteas an gheilleagair chiorclaigh. Tá an tionscnamh maoinithe ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide faoi Thionscnamh Frithdhumpála 2025.
Tá níos mó ceardlann pleanáilte do na míonna amach romhainn, beidh eolas fúthu sin le fáil ar shuíomh gréasán agus ar ardáin meán sóisialta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Is féidir tuilleadh leideanna agus treoracha faoi úsáid nua a bhaint as seanteicstílí agus seanéadaí ar www.RediscoveryCentre.ie