Bain Taitneamh as do Thrá 2025! Ceiliúradh Trí Lá ar Thránna agus Éiceachórais Chois Cósta Áille na Gaillimhe

People jumping on a beach holding signs for Clean Coasts and GCC Climate Action

Tá áthas ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, i gcomhpháirtíocht le Cóstaí Glana, seoladh Bain Taitneamh as do Thrá 2025 a fhógairt, imeacht trí lá do theaghlaigh a bheidh ar siúl ó Dé Céadaoin an 14 Bealtaine go dtí Dé hAoine an 16 Bealtaine, 2025. Déanfaidh an t-imeacht seo ceiliúradh ar áilleacht, ar bhithéagsúlacht agus ar luach áineasa thránna na Gaillimhe, Trá Bhaile an Locháin, Trá Grattan, Trá na mBan agus Trá na gCeann ina measc.

Cuireann Bain Taitneamh as do Thrá 2025 réimse gníomhaíochtaí spraíúla agus oideachais ar fáil do dhaoine ó gach aois, ag díriú ar fheasacht a mhúscailt ar an tábhacht a bhaineann lenár n-éiceachórais cois cósta agus cur chun cinn na hinbhuanaitheachta comhshaoil. Mar chuid den imeacht seo beidh glantachán trá 2-nóiméad, gníomhaíochtaí spraíúla do phaistí agus seisiúin ióga ar Thrá na gCeann, ag tabhairt deis do rannpháirtithe taitneamh a bhaint as ár gcósta. Beidh foireann Shlí an Atlantaigh Fhiáin de chuid Fáilte Éireann ann chun caint a dhéanamh ar an tábhacht a bhaineann leis an turasóireacht agus an timpeallacht.

Buaicphointí an Imeachta:

  • Glantachán Trá 2-Nóiméad: Glacfaidh rannpháirtithe páirt i nglantachán sciobtha agus éifeachtach, ag tabhairt cúnamh tránna na Gaillimhe a choinneáil glan agus freagracht pobail a chur chun cinn.
  • Sorcas 250:  Taispeántas gearr ina bhfuil an fharraige ina téama agus ansin comhrá idirghníomhach faoi céard a fhaigheann muid sa bhfarraige, agus ceardlanna lámhchleasaíochta agus casta plátaí
  • Ceardlanna Oideachais: Treoróidh saineolaithe timpeallachta áitiúla ceardlanna ar ábhair ar nós éiceachórais cois cósta agus saol na mara.
  • Ióga ar an Trá: Cuir tús le do lá le seisiún ióga suaimhneasach agus íocshláinteach ar Thrá na gCeann, treoraithe ag teagascóirí a bhfuil taithí acu, ag cur ceangal suaimhneach ar fáil leis an dúlra timpeall ort.
  • An Feachtas “Smaoinigh Sula Sruthlaíonn Tú”: Leanfaidh Cóstaí Glana lena n-abhcóideacht thábhachtach ar chur chun cinn an fheachtais “Smaoinigh Sula Sruthlaíonn Tú”, ag spreagadh diúscairt dramhaíola fhreagrach chun ár gcuid tránna agus farraigí a chosaint.

Dúirt Fergal Cushen an tOifigeach Feasachta Comhshaoil do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ag seoladh an imeachta dó, “Leanann an t-imeacht síoraí seo ar aghaidh ag tarraingt aird ar an tábhacht a bhaineann le tránna ní hamháin mar shaoráidí caithimh aimsire lasmuigh ach mar ghnáthóga cósta chomh maith. Tá an oiread le feiceáil agus le foghlaim, agus is deis iontach é an t-imeacht seo do phobal na Gaillimhe ceangal a dhéanamh leis na timpeallachtaí luachmhara seo agus iad a chosaint.”

Dúirt Ollie O’Flaherty, Cóstaí Glana, “Tá sé iontach a bheith i mo pháirtí ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe arís le haghaidh Bain Taitneamh as do Thrá 2025. Is meabhrú ríthábhachtach é an t-imeacht seo ar an tábhacht a bhaineann lenár dtránna a choinneáil glan, agus tá an-áthas orainn an feachtas ‘Smaoinigh Sula Sruthlaíonn Tú” a chur chun cinn, agus muid ag tarraingt aird ar an tábhacht a bhaineann le cosaint a thabhairt dár dtimpeallachtaí nádúrtha.”

Sonraí an Imeachta:

  • Dátaí: Dé Céadaoin, an 14 Bealtaine – Dé hAoine, an 16 Bealtaine, 2025
  • Áit: Trá Bhaile an Locháin, Trá Grattan, Trá na mBan, Trá na gCeann
  • Ineacht saor in aisce. B’fhéidir go mbeadh réamhchlárú i gceist le roinnt imeachtaí.

 

Beidh clár iomlán d’imeachtaí ar fáil go gairid ar shuíomh gréasáin agus ar chainéil meán sóisialta Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

Bígí linn chun ceiliúradh a dhéanamh ar áilleacht, ar bhithéagsúlacht agus ar spiorad pobail thránna na Gaillimhe le Bain Taitneamh as do Thrá 2025!