Creatphlean Shráidbhaile agus Chladach Bhóthar na Trá

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe, le tacaíocht ó Allies and Morrison, speisialtóirí i nDearadh Uirbeach agus i gcúrsaí Rannpháirtíochta, ag seoladh tionscadal iontach chun tosaíochtaí áitiúla a fhiosrú d’fhonn cabhrú le todhchaí Shráidbhaile agus Chladach Bhóthar na Trá a mhúnlú. 

Le linn 2025, beidh foireann an tionscadail ag dul timpeall Bhóthar na Trá agus teagmháil á déanamh acu le grúpaí áitiúla pobail, gnó agus fóillíochta. Is deis é seo do dhaoine a gcuid tuairimí a roinnt faoi na rudaí a thaitníonn go mór leo i mBóthar na Trá agus faoi na feabhsuithe a d'fhéadfaí a chur i bhfeidhm sa cheantar. 

tour
Marching Band

Craobhchomórtais WAMSB an Domhain le bheith ar siúl i nGaillimh in 2027

5 February 2025

Tá mórtas ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a fhógairt go bhfuil cathair na Gaillimhe roghnaithe le bheith ina cathair óstach do Chraobhchomórtais Dhomhanda Chumann Domhanda na Seóbhannaí Máirseála (WAMSB). Is imeacht domhanda é seo a mheallfaidh na mílte ceoltóirí agus oirfidí go dtí an chathair ón 13-15 Lúnasa 2027.