Tá mórtas ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a fhógairt go bhfuil cathair na Gaillimhe roghnaithe le bheith ina cathair óstach do Chraobhchomórtais Dhomhanda Chumann Domhanda na Seóbhannaí Máirseála (WAMSB). Is imeacht domhanda é seo a mheallfaidh na mílte ceoltóirí agus oirfidí go dtí an chathair ón 13-15 Lúnasa 2027.
Le linn an imeachta trí lá seo, cuirfear fáilte go Gaillimh roimh bhannaí máirseála, grúpaí drumadóireachta, bannaí coirme agus meithle ceoil ó ar fud an domhain.
Dúirt Méara na Gaillimhe, Peter Keane:
“Is iontach an onóir do Chathair na Gaillimhe Craobhchomórtais Dhomhanda WAMSB 2027 a óstáil. Déanfar ceiliúradh le linn an imeachta seo ar an scoth den cheol agus cultúr idirnáisiúnta, rud a thabharfaidh pobal na Gaillimhe le chéile agus muid ag cur fáilte roimh na mílte cuairteoirí a gheobhaidh blaiseadh de fhlaithiúlacht ar leith chathair sin againne. Tá traidisiún láthair i nGaillimh againn a bheith ag tacú leis na healaíona agus tá muid ag súil go mór le bheith ag obair lenár gcomhpháirtithe lena chinntiú gur imeacht agus ócáid den scoth a bheidh ann do gach duine a bheidh páirteach ann nach ndéanfaidh siad dearmad go brách air.”
B’iarracht i gcomhar le IMBA - Cumann Bannaí Máirseála na hÉireann, Celtic Horizon Tours agus Ollscoil na Gaillimhe a bhí i dtairiscint óstála na Gaillimhe. Beidh imeacht cáilithe réigiúnach mar chuid den chomórtas freisin in 2026 agus tabharfaidh sin blaiseadh den scoth do chách ar a bheidh i gceist leis an bpríomhimeacht in 2027.
Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe tiomanta do thacaíocht a thabhairt do thionscnaimh a cheiliúrann an cultúr, a chothaíonn rannpháirtíocht an phobail, agus a chuireann le seasamh na cathrach ar an ardán domhanda. Is cinnte go mbeidh Craobhchomórtas Domhanda WAMSB 2027 ina ócáid thábhachtach do Ghaillimh, agus tá an Chomhairle ag súil le fáilte a chur roimh oirfidí agus roimh lucht spéise ó gach cearn den domhan.
Fógrófar tuilleadh sonraí faoin imeacht agus faoi bhabhta cáilithe réigiúnach 2026 an imeachta sna míonna amach romhainn.