Is Féidir Iarratas a Dhéanamh Anois ar Dheontais Taitneamhachtaí Áitiúla 2025

Picture of Galway Library

Tugann Comhairle Cathrach na Gaillimhe cuireadh do Chumainn Áitritheoirí, grúpaí pobail agus do scéimeanna cuibhrinn iarratas a dhéanamh ar Scéim Deontas na dTaitneamhachtaí Áitiúla 2025. Is é cuspóir na scéime cabhrú le scéimeanna gairdíní/cuibhrinn pobail agus le Cumainn Áitritheoirí ar mian leo cuidiú lena dtimpeallacht áitiúil a fheabhsú trí thabhairt faoi obair feabhsúcháin ina gceantar áitiúil le béim ar ghlanadh bruscair agus ar phiocairí bruscair, ar ghraifítí a ghlanadh agus ar cheardlanna pobail.   Cuimsíonn sé aon rud a bhaineann le glanadh, péinteáil, garraíodóireacht agus spásanna poiblí a chothabháil.

 

Dúirt Méara Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, an Comhairleoir Peter Keane, "tá sé léirithe go bhfuil an Scéim Deontais Taitneamhachtaí ag tabhairt cúnamh ríthábhachtach do phobail le roinnt blianta agus is sruth mór tábhachtach maoinithe é a spreagann mórtas agus rannpháirtíocht an phobail ar fud na cathrach. Cruthaíonn sé nasc dearfach freisin idir ár gcomharsanachtaí agus ár gcathair trí fheabhas a chur ar ár spásanna poiblí”.

 

€23,500 ar fad an maoiniú atá ar fáil faoi Scéim na nDeontas Taitneamhachtaí Áitiúla do 2025. Dúirt Fergal Cushen, Oifigeach Feasachta Comhshaoil le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, "is iontach an acmhainn é seo ar féidir le grúpaí pobail leas a bhaint as agus cuireann gach céim dhearfach a ghlactar chun leasa an phobail le cathair níos dearfaí agus níos cuimsithí. Déantar áiteanna níos fearr le bheith ag cónaí agus ag obair iontu de gach comharsanacht mar gheall ar na Deontais Taitneamhachtaí seo”.  

 

Ní mór gach foirm iarratas ar scéim 2025 a chomhlánú go leictreonach ar www.GalwayCity.ie/Services/Environment/Environment-Services/Amenity-Grant-Scheme. Ní ghlactar le foirmeacha iarratais páipéir a thuilleadh.

 

Ba chóir iarratais chomhlánaithe a chur isteach tráth nach déanaí ná an spriocdháta 4:00pm Dé hAoine 28 Márta 2025. Chun tuilleadh eolais a fháil seo ríomhphost chuig Environment@GalwayCity.ie nó féach ar www.GalwayCity.ie/Services/Environment/Environment-Services/Amenity-Grant-Scheme.