Creatphlean Shráidbhaile agus Chladach Bhóthar na Trá

tour

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe, le tacaíocht ó Allies and Morrison, speisialtóirí i nDearadh Uirbeach agus i gcúrsaí Rannpháirtíochta, ag seoladh tionscadal iontach chun tosaíochtaí áitiúla a fhiosrú d’fhonn cabhrú le todhchaí Shráidbhaile agus Chladach Bhóthar na Trá a mhúnlú. Le linn 2025, beidh foireann an tionscadail ag dul timpeall Bhóthar na Trá agus teagmháil á déanamh acu le grúpaí áitiúla pobail, gnó agus fóillíochta. Is deis é seo do dhaoine a gcuid tuairimí a roinnt faoi na rudaí a thaitníonn go mór leo i mBóthar na Trá agus faoi na feabhsuithe a d'fhéadfaí a chur i bhfeidhm sa cheantar.  

Tá roinnt imeachtaí rannpháirtíochta beartaithe do mhí Feabhra. Is é an chéad imeacht a bheidh ann ná teacht le chéile le pobal gnó Bhóthar na Trá Déardaoin an 6 Feabhra ó 4.00pm go dtí 6.00pm in Óstán Bhóthar na Trá. Tugtar cuireadh do gach ball den phobal gnó freastal ar an ócáid chun a dtuairimí a thabhairt maidir le Bóthar na Trá. 

Dé hAoine an 7 Feabhra beidh foireann an tionscadail ag an gCarraig Dhubh ó 11.30am go 1.30pm chun bualadh leis an bpobal snámha agus fáiltítear roimh gach duine den phobal sin teacht agus a dtuairimí a roinnt. 

Níos déanaí sa mhí, beidh ócáid buail isteach ar siúl Dé hAoine an 21 Feabhra ó 4.00pm go dtí 8.00pm in Óstán Bhóthar na Trá chun bualadh le pobail chónaithe an cheantair. Tugtar cuireadh do gach cónaitheoir bualadh isteach chun labhairt leis an bhfoireann.   

An lá dár gcionn, Dé Sathairn an 22 Feabhra, reáchtálfar tob-ócáid chomhairliúcháin feadh na promanáide ó 10.30 am - 4.00pm, agus beidh fáilte roimh an bpobal go léir teacht agus labhairt leis an bhfoireann.  

Beidh mic léinn ó Ollscoil na Gaillimhe i láthair chomh maith. Beidh siad ag iarraidh ar dhaoine feadh na promanáide suirbhé gairid a dhéanamh a bheidh ina bhonn eolais leis an tionscadal. Beidh rogha ag daoine an suirbhé seo a dhéanamh ar líne freisin.  

Dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe: 

Is cuspóir de chuid Phlean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023 -2029 é plean a ullmhú a bheidh mar bhonn le forbairt fhadtéarmach agus le feabhsú shráidbhaile agus chladach Bhóthar na Trá. Tá mé ar bís tús chun a chur leis an tionscadal seo, lena ndéanfar breithniú ar dheiseanna infheistíochta agus maoinithe amach anseo do Bhóthar na Trá agus lena n-éascófar cur chuige comhtháite maidir leis an iliomad tionscadal agus tionscnamh atá beartaithe agus a bheidh ann amach anseo. Beidh rannpháirtíocht ag croílár an phróisis seo agus molaim do gach duine an deis a thapú chun páirt a ghlacadh agus a dtuairimí a thabhairt.  

Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Peter Keane: 

Is cuid lárnach de shaol cultúir na Gaillimhe é Bóthar na Trá. Tá ról ar leith ag an Sráidbhaile agus ag an gCladach i saol laethúil mhuintir na cathrach agus is ceann scríbe é do chuairteoirí chomh maith. De réir mar atá an chathair ag méadú, teastaíonn aird ar leith ó Bhóthar na Trá chun a ról mar shráidbhaile uirbeach a chosaint agus a neartú. Táimid ag tnúth go mór leis na smaointe agus tuairimí go léir a chloisteáil in 2025 a chabhróidh linn creat a ullmhú do thodhchaí Bhóthar na Trá. 

Dúirt Antony Rifkin, Stiúrthóir Allies and Morrison Ltd: 

Tá ríméad orainn deis a bheith againn oibriú leis an bpobal áitiúil chun machnamh a dhéanamh ar na gnéithe de Bhóthar na Trá atá speisialta, ar na dúshláin atá sa gceantar, agus ar mhianta na ndaoine do thodhchaí na háite. Táimid ag súil le bheith ag obair i gcomhar leis an bpobal áitiúil agus le gnólachtaí chun an creat nua a ullmhú do Shráidbhaile agus Chladach Bhóthar na Trá. 

Leanfaidh an comhairliúchán ar aghaidh fad a bheidh an Chreatphlean á fhorbairt againn agus eagrófar tuilleadh imeachtaí i rith na bliana.  

Faigh tuilleadh eolais faoin tionscadal agus faoi na himeachtaí poiblí ar Shuíomh Gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe: GalwayCity.ie/SalthillFramework agus cláraigh chun an nuacht is déanaí a fháil amach anseo.