Trí Chomhpháirtíochtaí um Shábháilteacht Pobail Áitiúil (CSPAnna), tabharfar na seirbhísí stáit ábhartha ar fad agus an pobal le chéile ag leibhéal an údaráis áitiúil. Trí seo, déanfar forbairt ar an obair ar tugadh fúithi trí Chomhchoistí Póilíneachta agus cuirfear léi trí chinnte a dhéanamh de go bhfuil na páirtithe leasmhara ábhartha eile ar fad, atá riachtanach chun fóram níos iomlánaíche i dtaca le díospóireacht, cinntí agus gníomhú maidir le tosaíochtaí pobail, i láthair.