Lá na hAfraice Chathair na Gaillimhe 2026

Tá Lá na hAfraice Chathair na Gaillimhe 2026 eagraithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, i gcomhar le hionadaithe ó phobal Afracach na Gaillimhe, le tacaíocht ón Roinn Gnóthaí Eachtracha

Lá na hAfraice Chathair na Gaillimhe 2026 

 

Tá Lá na hAfraice Chathair na Gaillimhe 2026 eagraithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, i gcomhar le hionadaithe ó phobal Afracach na Gaillimhe, le tacaíocht ón Roinn Gnóthaí Eachtracha

 

Is ceiliúradh saor in aisce a bheidh oiriúnach do theaghlaigh é Lá na hAfraice Chathair na Gaillimhe, a bheidh ar siúl i bPáirc Bhóthar na Trá Dé Sathairn, an 23 Bealtaine 2026, ó 12pm go 6pm. Tugtar an pobal le chéile leis an imeacht bríomhar seo chun ómós a léiriú do chultúir, do thraidisiúin agus do chruthaitheacht na hAfraice i gcroílár na Gaillimhe.

 

Is féidir le cuairteoirí sult a bhaint as lá iomlán ceoil bheo, taibhithe ilchultúrtha, ceardlanna cultúir agus cruthaitheachta do leanaí, agus rogha blasta de bhia na hAfraice. Tá fáilte roimh chách!

 

Céard é Lá na hAfraice?

 

Ceiliúradh bliantúil domhanda is ea Lá na hAfraice ar dhaoine, ar chultúir agus ar acmhainneacht Mhór-Roinn na hAfraice. Tugtar deis do phobail teacht le chéile agus onóir a thabhairt don saibhreas agus don éagsúlacht a thugann an Afraic don domhan comhroinnte seo.

 

Déantar ceiliúradh ar Lá na hAfraice ar fud na hÉireann, agus 31 Údarás Áitiúil ag óstáil meascán bríomhar d’imeachtaí cultúir, ealaíon agus imeachtaí atá oiriúnach do theaghlaigh. Ó thaispeántais chomhaimseartha na hAfraice agus na hÉireann go faisean, ealaín, scannáin, ceol, damhsa agus bia, beidh gach contae páirteach sa gceiliúradh ar fhuinneamh, ar chruthaitheacht agus ar bheocht cultúir phobail na hAfraice.

 

Déanfaidh na húdaráis áitiúla clár iomlán imeachtaí a eagrú agus a chur i bhfeidhm arís in 2026. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh gréasáin na Roinne Gnóthaí Eachtracha: Cúnamh Éireann | Lá na hAfraice