Leabhrán ar Theacht Aniar an Duine agus Athléimneacht an Phobail

Is ionann Leabhrán ar Theacht Aniar an Duine agus Athléimneacht an Phobail Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus treoir phraiticiúil a chuideoidh le daoine aonair, teaghlaigh agus pobail réiteach agus freagairt do chásanna éigeandála.

Leabhrán ar Theacht Aniar an Duine agus Athléimneacht an Phobail

Is ionann Leabhrán ar Theacht Aniar an Duine agus Athléimneacht an Phobail Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus treoir phraiticiúil a chuideoidh le daoine aonair, teaghlaigh agus pobail réiteach agus freagairt do chásanna éigeandála. Cuirtear eolas soiléir atá éasca le tuiscint ar fáil sa leabhrán maidir le pleanáil éigeandála, ullmhacht teaghlaigh, ullmhacht do dhrochaimsir, sábháilteacht tí, bunriachtanais gharchabhrach agus maidir leis an gcaoi le heolas ar féidir brath air a fháil i gcás éigeandála. Moltar sa leabhrán do chónaitheoirí céimeanna simplí a ghlacadh anois chun a chinntiú gur féidir leo fanacht sábháilte agus chomh neamhspleách agus is féidir leo le linn imeachtaí nó aslonnuithe nach bhfuil súil ar bith leo. 

Is í Rannóg Pobail Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a réitigh an leabhrán, ina leagtar béim freisin ar an tábhacht a bhaineann le hathléimneacht an phobail, lena n-áirítear ról na nIonad Tacaíochta Pobail, na dtacaíochtaí comharsanachta agus na seirbhísí atá ar fáil do chónaitheoirí leochaileacha. Clúdaítear réimse leathan ábhar sa leabhrán, ó ullmhacht i gcomhair stoirme agus tuilte go héigeandálaí sláinte agus sábháilteacht an phobail. Tá sé i gceist leis an acmhainn cumas na bpobal ar fud na cathrach a neartú chun tacú lena chéile agus teacht chucu féin níos éifeachtaí nuair a tharlaíonn cásanna éigeandála.

Íoslódáil cóip  https://www.galwaycity.ie/services/community/community-services/community-support-centres.

Is féidir le cónaitheoirí cóip a iarraidh freisin trí theagmháil a dhéanamh lena nOifigeach Forbartha Uirbí agus Pobail áitiúil. 

Oifigigh Forbartha Uirbí agus Pobail

Natalie Coen
Barda: Cathair na Gaillimhe Láir
Fón Póca: 087 110 3209
Ríomhphost: natalie.coen@galwaycity.ie

Oliver Lydon
Barda: Cathair na Gaillimhe Thoir
Fón Póca: 087 609 1460
Ríomhphost: oliver.lydon@galwaycity.ie

Deirdre Keaney Cunningham
Barda: Cathair na Gaillimhe Thiar
Fón Póca: 087 146 5006
Ríomhphost: deirdre.keaneycunningham@galwaycity.ie

Molann Comhairle Cathrach na Gaillimhe do gach cónaitheoir an leabhrán a fháil, súil eile a chaitheamh ar na socruithe éigeandála teaghlaigh atá i bhfeidhm acu agus an acmhainn a roinnt lena muintir, le comharsana agus le grúpaí pobail chun cúnamh a thabhairt Cathair na Gaillimhe atá níos sábháilte agus níos athléimní a thógáil. 

Resilience Booklet