Comhpháirtíocht Spóirt na Gaillimhe

Is tionscnamh de chuid Chomhairle Spóirt na hÉireann í Comhpháirtíocht Spóirt na Gaillimhe chun struchtúr náisiúnta a chruthú ionas go mbeifear in ann spórt a chomhordú agus a chur chun cinn ar leibhéal áitiúil.

  • Céard í Comhpháirtíocht Spóirt na Gaillimhe (CSG)?

    Is tionscnamh de chuid Chomhairle Spóirt na hÉireann í Comhpháirtíocht Spóirt na Gaillimhe chun struchtúr náisiúnta a chruthú ionas go mbeifear in ann spórt a chomhordú agus a chur chun cinn ar leibhéal áitiúil. Bunaíodh Comhpháirtíocht Spóirt na Gaillimhe tar éis Comhpháirtíocht Spóirt Chathair na Gaillimhe agus Comhpháirtíocht Spóirt Chontae na Gaillimhe a chónascadh.

    Is foghrúpa de Bhoird Forbartha Chontae na Gaillimhe & Chathair na Gaillimhe í CSG. Áirítear ar Ghrúpa Stiúrtha CSG gníomhaireachtaí reachtúla agus eagraíochtaí forbartha agus deonacha áitiúla a bhfuil spéis nó ról acu i soláthar gníomhaíochta coirp i nGaillimh.

    Barr...

  • Cén fheidhm atá ag Comhpháirtíocht Spóirt na Gaillimhe (CSG)?

    Is iad seo a leanas trí phríomhfheidhm na gComhpháirtíochtaí Spóirt Áitiúla:

    • Faisnéis: fóram comhairleach a bhunú, taighde a chur ar bun, eolaí & bunachar sonraí spóirt a thiomsú, riachtanais agus acmhainní a aimsiú le bheith mar bhonn don phleanáil áitiúil.
    • Oideachas: deiseanna den scoth a chur ar fáil le haghaidh oideachais agus oiliúna ar leibhéal áitiúil, cúrsaí oiliúna a sholáthar a bheidh dírithe ar oibrithe deonacha, rochtain a thabhairt ar chúrsaí spóirt ar leith trí na Ceann-Eagraíochtaí Rialaithe Spóirt Náisiúnta.
    • Cur i bhFeidhm: plean straitéiseach a fhorbairt le haghaidh spórt áitiúil, riarthóir gairmiúil a cheapadh agus seirbhísí tacaíochta gaolmhara a chinntiú, cláir rannpháirtíochta a roghnú le haghaidh CSÁ a leagfar amach bunaithe ar na riachtanais áitiúla, tionchar na gclár náisiúnta a chuirtear ar fáil go háitiúil a mhéadú mar bhealach le rannpháirtíocht a chur chun cinn.

    Barr...

  • Cén aidhm atá ag Comhpháirtíocht Spóirt na Gaillimhe (CSG)?

    Is é príomhaidhm Chomhpháirtíocht Spóirt na Gaillimhe an leibhéal rannpháirtíochta i spórt, i gcaitheamh aimsire agus i ngníomhaíocht choirp a mhéadú, lena chinntiú go n-úsáidtear acmhainní áitiúla ar an mbealach is fearr agus go mbunaítear struchtúir inbhuanaithe chun cabhrú leo siúd a bhfuil baint acu le forbairt spóirt agus béim faoi leith ar ghrúpaí a bhfuil rátaí ísle rannpháirtíochta acu, e.g. Mná agus cailíní, daoine fásta níos sine, grúpaí faoi mhíbhuntáiste, daoine faoi mhíchumas agus daoine dífhostaithe.

    Barr...

  • Cúrsaí Oiliúna agus Comhpháirtíocht Spóirt na Gaillimhe (CSG)

    Cé na cúrsaí atá ar fáil trí Chomhpháirtíocht Spóirt na Gaillimhe (CSG)?

    Eagraíonn CSG:

    Cúrsaí de chuid Chomhairle Spóirt na hÉireann:

    • Cód Eitice & Dea-chleachtas i Spórt Leanaí (Cosaint leanaí):
      • Feasacht Bhunúsach (3 uair an chloig) – le haghaidh gach duine a bhfuil baint acu le spórt leanaí.
      • Oifigeach Leanaí (6 uair an chloig) – le haghaidh duine ainmnithe/oifigeach leanaí club.
    • Forbraíodh cláir Buntús chun tacú le múinteoirí agus le cleachtóirí cúram leanaí eolas bunúsach a thabhairt do dhaoine óga ar an spórt agus ar ghníomhaíocht choirp. Cuirtear na cláir Buntús ar fad ar fáil i bpacáiste ina bhfuil trí chuid; an trealamh, na cártaí acmhainne agus an oiliúint. Dearadh na trí phríomhchuid den chlár chun tacaíocht a thabhairt do leanaí a bheidh éasca le tuiscint agus ar fáil go héasca, ionas go bhfaighidh siad cleachtadh ar spórt ar bhealach spraíúil agus ar ardchaighdeán. Is é aidhm an chúrsa cur ar chumas múinteoirí agus cleachtóirí cúram leanaí na cártaí a úsáid ina seisiúin corpoideachais / gníomhaíochta coirp.
      • Is clár gníomhaíochta coirp cuimsitheach é Buntús Tosaigh le haghaidh leanaí idir 2-5 bliana d’aois. Bunaíodh é ar chlár Top Start an Youth Sport Trust sa Ríocht Aontaithe. Cuirtear Buntús Tosaigh ar fáil i gcomhpháirtíocht le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nó le Coiste Cúram Leanaí Contae nó le comhpháirtíocht trí chuid.
        Tagraíonn Buntús Ginearálta do chláir Buntús Spraoi agus Spóirt atá bunaithe ar na cláir Tops Play agus Tops Multi-Sport arna reáchtáil ag an Youth Sport Trust sa Ríocht Aontaithe.. Tá an mála Spraoi dírithe ar na Naíonáin Bheaga suas go dtí Rang a Dó agus tá an mála Spóirt dírithe ar Rang a Trí go Rang a Sé. Mar sin féin, is féidir na cluichí ar na cártaí a chur in oiriúint do chumas an ranga.
      • Comhlánaíonn Buntús Ginearálta an tsnáithe Cluichí sa churaclam corpoideachais, atá ar cheann de shé shnáithe.
      • Cuirtear cláir Buntús atá dírithe go Sonrach ar Spórt ar fáil i gcomhar le roinnt Ceann-Eagraíochtaí Rialaithe Spóirt Náisiúnta. Ní mór do scoileanna an clár Buntús Ginearálta a bheidh faighte acu sula bhfaighidh siad aon cheann de na cláir atá dírithe go Sonrach ar Spórt. Cuireann na hOifigigh Forbartha Réigiúnaí ó na Ceann-Eagraíochtaí Rialaithe Náisiúnta agus teagascóirí Buntús ar cuireadh sainoiliúint orthu an oiliúint ar fáil. Faoi láthair is iad na cláir Buntús atá dírithe go Sonrach ar Spórt atá ar fáil do scoileanna ná Buntús Sacair a bhíonn á reáchtáil ag an FAI, Buntús Badmantain a bhíonn á reáchtáil ag Cumann Badmantain na hÉireann agus Buntús Gailf a bhíonn á reáchtáil ag Cumann Gailf Shóisearaigh na hÉireann.
    • Ceannaire na Gníomhaíochta: Dearadh an dámhachtain seo chun ceannairí gníomhaíochta coirp atá bunaithe sa phobal a sholáthar, ceannairí sainoilte, eolacha atá díograiseach. Beidh sé de chumas ag ceannairí oibriú i raon leathan áiteanna lena n-áirítear clubanna áitiúla, grúpaí pobail, ionaid oibre, ionaid phobail agus clubanna spóirt, ag cur a gcuid eolais agus scileanna ag obair, ag eagrú agus ag stiúradh seisiúin gníomhaíochta atá sábháilte agus taitneamhach le grúpaí beaga.
      Go sonrach, beidh an t-eolas agus na scileanna riachtanacha ag na ceannairí rathúla chun seisiúin gníomhaíochta coirp a phleanáil, a eagrú agus a stiúradh laistigh dá socrú grúpa féin. Ag tús an chúrsa, ba cheart go mbeadh ceannairí faoi oiliúint os cionn 18 mbliana déag d’aois agus tar éis an chúrsa, beidh an ceannaire rathúil tar éis idir 10 agus 12 uair an chloig d’aonaid phraiticiúla agus theoiriciúla a chur i gcrích.

    Cláir & cúrsaí náisiúnta:

    • Oiliúint i gCuimsiú Míchumais : Is cúrsaí teoirice agus praiticiúil é seo ina gcumhdaítear téarmaíocht, srianta ar rannpháirtíocht, reachtaíocht agus treoir, tús eolais ar spórt do dhaoine faoi mhíchumas agus bealaí chun gníomhaíochtaí a chur in oiriúint chun iad a dhéanamh uilechuimsitheach. Dearadh an cúrsa seo le haghaidh raon lucht rannpháirtíochta lena n-áirítear na Ceann-Eagraíochtaí Rialaithe Náisiúnta, Cóitseálaithe, Oibrithe Deonacha, Múinteoirí/RSO, foireann Riaracháin agus Oifigigh Forbartha Áineasa, Pearsanta agus Spóirt.
      Is féidir díriú ‘go sonrach ar spórt’ sa chúrsa freisin má bhíonn éileamh air sin. Foghlaimeoidh rannpháirtithe faoin teoiric a bhaineann le Gníomhaíocht Choirp Oiriúnaithe/Spórt do Dhaoine faoi Mhíchumas; gheobhaidh siad deis a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí nua; forbróidh siad an cumas atá acu cluichí agus gníomhaíochtaí a chur in oiriúint chun gach grúpa cumais a chur san áireamh.
    • Tuilleadh eolais: http://www.caraapacentre.ie

    Cúrsaí agus cláir eile:

    • Garchabhair: Seachadann CSG cúrsaí i ngarchabhair ó am go ham. Nuair is féidir leagaimid amach na cúrsaí le haghaidh clubanna spóirt. Oiliúint do Cheannairí Siúlóide, Buntús & Buntús Tosaigh le haghaidh bunscoileanna agus réamhscoileanna agus neart eile.
    • Oiliúint d’Oifigigh Clubanna: Ó am go ham seachadann CSG oiliúint dóibh siúd a bhfuil poist acu i gclubanna ar nós Cathaoirligh, Rúnaí agus Cisteora toisc go bhfuil na poist sin ríthábhachtach do reáchtáil éifeachtach éifeachtúil club spóirt. Cumhdaítear sa chúrsa an méid is gá do na hoifigigh a dhéanamh e.g. cruinniú maith a reáchtáil, ceanglais dlí an chlub, etc.

    Ba mhaith le CPG mar aon le roinnt eagraíochtaí eile idir áitiúil agus náisiúnta cúrsaí oiliúna a sheachadadh do chlubanna agus do ghrúpaí pobail i nGaillimh.

    Coinnigh súil ar ár suíomh gréasáin agus ár leathanach Facebook chun an scéal is déanaí a fháil fúthu sin. https://www.facebook.com/.../Galway-City-Sports-Partnership/

    Barr...

  • Cá bhfaighidh mé eolas faoi Chúrsaí/Oiliúint?

    Gheobhaidh tú eolas faoi chúrsaí oiliúna ar ár leathanach Facebook: https://www.facebook.com/.../Galway-City-Sports-Partnership/ nó ar ár suíomh gréasáin www.galwayactive.ie(á fhorbairt faoi láthair).

    Gabh i dteagmháil le CSG: Teil: 091 476503 / 476509 / 536459

    Ríomhphost: galwayactive@galwaycoco.ie

    Barr...

  • Cé na cúrsaí a bheidh ar siúl go luath?

    Breathnaigh ar https://www.facebook.com/.../Galway-City-Sports-Partnership/ nó ar ár suíomh gréasáin www.galwayactive.ie (á fhorbairt faoi láthair) chun sceideal ár gcúrsaí a fháil.

    Barr...

  • Cén chaoi a gcláraím le haghaidh cúrsa?

    Chun clárú le haghaidh cúrsa ní mór duit foirm iarratais a líonadh isteach agus í a sheoladh ar ais le híocaíocht ionas go gcuirfear áit in áirithe duit. Ní féidir áit a fháil ar an gcúrsa ach amháin má tá sé íoctha agat.

    Tá foirmeacha iarratais ar fáil ar ár suíomh gréasáin www.galwayactive.ie (á fhorbairt faoi láthair) nó ar shuíomhanna gréasáin Chomhairlí Cathrach agus Contae na Gaillimhe.

    Féadfaidh tú ríomhphost a sheoladh freisin chuig galwayactive@galwaycoco.ie agus foirm a iarraidh orthu.

    I gcás cúrsaí a chuireann gníomhaireachtaí eile ar fáil gabh i dteagmháil leis an ngníomhaireacht ábhartha go díreach tú féin.

    Barr...

  • An mbíonn táille le híoc ar chúrsaí?

    Bíonn táille le híoc ar roinnt cúrsaí – gabh i dteagmháil le Comhpháirtíocht Spóirt na Gaillimhe ar 091 536459 nó 091 476509 le fáil amach cé na táillí atá ar chúrsaí.

    Barr...

  • Maoiniú & Deontais na Comhpháirtíochta Spóirt:

    Cén cineál deontais/maoinithe atá ar fáil le haghaidh clubanna agus/nó grúpaí pobail?

    Bíonn sruthanna maoinithe éagsúla ar fáil in aon bhliain ar leith. Riarann CSG an Deontas do Chlubanna Spóirt de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus Deontas Tacaíochta Pobail na Comhairle Contae. Bíonn ár scéim deontais féin ag CSG ag brath ar ár mbuiséad. Ó am go ham eisíonn gníomhaireachtaí eile deiseanna maoinithe a chuireann CSG chun cinn ar ár leathanach Facebook, ar ár suíomh gréasáin agus trínár mbunachar sonraí ríomhphost.

    • Deontais Chomhpháirtíocht Spóirt na Gaillimhe:
      Tá sé i gceist ag CSG, trína scéim deontais, cabhrú le clubanna, le pobail agus le heagraíochtaí eile cláir gníomhaíochta coirp a chur ar fáil chun rannpháirtíocht daoine nach mbíonn páirteach de ghnáth a mhéadú. Tá rannpháirtíocht mhéadaithe mar phrionsabal taca ag CSG agus ní féidir linn é sin a bhaint amach ach amháin trí chomhoibriú clubanna agus grúpaí sa phobal.
    • Cé atá in ann iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú?
      Tá club, pobal nó grúpa deonach ar bith, atá lonnaithe i nGaillimh agus a chomhlíonann téarmaí agus coinníollacha an deontais incháilithe i gcomhair maoiniú.
    • Deontas do Chlubanna Spóirt de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe:
      Is scéim ais-siarghabhálach í scéim an Deontais do Chlubanna Spóirt de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Fógraítear an deontas ag deireadh an tsamhraidh/sa bhfómhar go hiondúil agus bíonn an spriocdháta go luath i mí Dheireadh Fómhair. D’fhéadfadh sé sin athrú ó bhliain go bliain.

     

    Barr...

  • Cé atá in ann iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú faoin Deontas do Chlubanna Spóirt de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe?

    Is féidir le haon chlub spóirt atá lonnaithe i limistéar riaracháin Chathair na Gaillimhe agus a fheidhmíonn ar bhonn deonach iarratas a dhéanamh faoin scéim seo. Ionas go n-éireoidh leo ní mór d’iarratasóirí na critéir agus na téarmaí agus coinníollacha atá leagtha síos ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe a chomhlíonadh. D’fhéadfaidís sin athrú ó am go ham. Cuirtear béim ollmhór ar bhreisoiliúint a chur ar chóitseálaithe sa scéim seo.

    Tá tuilleadh faisnéise ar ár suíomh gréasáin: www.galwayactive.ie (á fhorbairt faoi láthair) nó www.galwaycity.ie nó gabh i dteagmháil le Jason ar 091 536459 nó seol ríomhphost chuig jason.craughwell@galwaycity.ie

     

    Barr...

  • Sonraí Teagmhála Chomhpháirtíocht Spóirt na Gaillimhe

    Céard iad sonraí teagmhála Chomhpháirtíocht Spóirt na Gaillimhe?

    Comhpháirtíocht Spóirt na Gaillimhe
    F/Ch An Rannóg Pobail agus Fiontair
    Comhairle Chontae na Gaillimhe,
    Halla an Chontae,
    Cnoc na Radharc,
    Gaillimh.
    Teil: 091 476503 / 476509 / 536459
    Facs 091 779082
    Ríomhphost: galwayactive@galwaycoco.ie

    Barr...

  • Íoslódáil

    Gníomhaíochtaí do CháchPlean Aclaíochta Baile d’Aosaigh Scothaosta