Ealaíona agus Cultúr

Seirbhís Ealaíon na Cathrach á bainistiú ag Oifig Ealaíon Chathair na Gaillimhe. Siad a chuimsíonn Oifig Ealaíon Chathair na Gaillimhe ná an t-Oifigeach Ealaíon, an t-Oifigeach Forbairt na hEalaíne agus Riarthóirí na hOifige Ealaíon. Oibríonn Oifig Ealaíon Chathair na Gaillimhe i gcomhar leis na rannóga agus na ranna éagsúla laistigh den chomhairle ar nós na Turasóireachta, an Phobail agus Comhlacht Cultúir na Gaillimhe chun deiseanna ealaíon a fhorbairt agus a neartú i measc na bpobal, na gcomharsanachtaí agus na gceantar ar fud na cathrach.

Ealaíona agus Cultúr Services

Amharclanna

Tá dhá ionad taibhithe, atá á mbainistiú agus á rith faoi scáth Chomhairle Cathrach na Gaillimhe i gCathair na Gaillimhe – Amharclann na Cathrach atá i gCearnóg Theach na Cúirte i mBarr an Chalaidh agus an Dubhlann atá suite gar dó ar Bhóthar na Díge.

Ealaín Phoiblí

Coimisiúnaíodh Alan Clarke, ealaíontóir a bhfuil duaiseanna bainte amach aige, chun dealbh nua den scoth a fhorbairt do Chathair na Gaillimhe. Beidh ‘Gailbhe’ ina léiriú iontach físiúil de Ghailleamh nó Galvia, a bhí ina banphrionsa miotaseolaíochta ag na Fir Bolg, a deirtear go bhfuil Gaillimh ainmnithe ina diaidh.

Éire Ildánach

Is clár cultúr-bhunaithe é Éire Ildánach atá leagtha amach chun folláine an duine aonair, an phobail agus an náisiúin a chur chun cinn.

Músaem Cathrach na Gaillimhe

Tá Músaem Cathrach na Gaillimhe suite gar don Phóirse Caoch ar bhruacha Abhainn na Gaillimhe i gCathair na Gaillimhe.

Bunaíodh Músaem Cathrach na Gaillimhe i lár na 1970idí agus bhí sé lonnaithe ar dtús báire i dTeach an Chomartúnaigh gar don Phóirse Caoch.

I mí Aibreáin 2007 osclaíodh músaem nua saintógtha, taobh thiar de láthair an tseanmhúsaeim i dTeach an Chomartúnaigh. Chuir Comhairle Cathrach na Gaillimhe tús le tionscadal nua Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe ar mhaithe le saol cultúrtha agus oidhreachta Chathair na Gaillimhe a chur chun cinn.

Bailíonn, caomhnaíonn agus taispeánann Músaem Cathrach na Gaillimhe ábhar a bhaineann le stair Chathair na Gaillimhe; Seandálaíocht, Ealaín, Geolaíocht, Stair Nádúrtha, Stair Shóisialta, Pholaitiúil agus Thionsclaíoch agus Daonearraí.

Oifig Ealaíon

Déanann an Oifig Ealaíon infheistíocht an airgid phoiblí san ealaín a bhainistiú agus a chomhordú thar ceann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, ag maoiniú raon leathan gníomhaíochtaí ar fud na cathrach – amharclannaíocht, amharcealaín, léamha, rince, ceol, scannán, ealaíona sráide, sorcas, seónna srl.