Deiseanna Ealaíona 2027

Faigh amach faoi dheiseanna , scéimeanna maoinithe, agus dámhachtainí cónaitheachta anseo de réir mar a théann siad beo i rith na bliana.

Deiseanna Ealaíona 2027

 

Arts Grants

Deontais d’Eagraíochtaí Ealaíon 2027 

Tá iarratais á lorg ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe do Dheontais d’Eagraíochtaí Ealaíon 2027.

De réir an Achta Ealaíon 2003, tairgtear maoiniú do ghníomhaíocht ealaíon chun, suim an phobail sna healaíona a spreagadh, eolas, léirthuiscint agus cleachtadh ar na healaíona a chur chun cinn, nó, caighdeáin sna healaíona a fheabhsú.

 Tá Deontais Ealaíon d’Eagraíochtaí in dhá mhír: 
1)  Sraith Ghairmiúil
2) Sraith Pobail, Deonach agus Amaitéarach 

 -Is é an spriocdháta le haghaidh iarratais ná: 12in ar an 19 Samhain 2026. 

-Léigh na Treoirlínte roimh Iarratas a Dhéanamh  
-iarratas a dhéanamh trí Submit  

Le haghaidh gach fiosrúcháin, seol ríomhphost chuig arts@galwaycity.ie 

Beidh Deontas d’Eagraíochtaí Ealaíon 2027 ag brath ar mhaoiniú a bheith ar fáil, rud a chinnfear mar chuid de phróiseas buiséid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

 

Deontais Ealaíon Bronnta 2026

ArtsGrantsLogo


Deontas Ealaíon 2026

Faoin Deontas d’Eagraíochtaí Ealaíon 2026, bronnadh €450,000 ar dhá shnáithe, an snáithe Pobail, Deonach agus Amaitéireach, ina bhfuil 22 ghrúpa thairbhíocha ar fud na cathrach, chomh maith leis an snáithe Gairmiúil, ina bhfuil 32 eagraíocht ghairmiúla ag fáil maoiniú chun eispéiris chultúir spéisiúla agus iontacha a chur ar fáil ar fud Chathair na Gaillimhe. Cliceáil anseo le theacht ar liosta na nDámhachtaí do Deontas Eagraíochta Ealaíon 2026

 

Creative Practitioners

Sparántacht Cleachtóirí Cruthaitheacha 2026

Bhí luach €45,000 san iomlán i gciste na Sparánachta do Chleachtóir Cruthaitheachta, agus gradaim á bhfáil ag 33 ealaíontóir atá lonnaithe i gCathair na Gaillimhe chun saothair nua a fhorbairt agus chun tacú le cleachtais. Bronnadh gradaim ar chleachtóirí cruthaitheachta i staideanna éagsúla dá ré gairme i ndisciplíní éagsúla; lena n-áirítear, ach nach bhfuil teoranta dó, an amharclannaíocht, scannánóireacht, ceol, na hamharc-ealaíona, ealaíona ildisciplíneacha, filíocht agus damhsa. Cliceáil anseo le theacht ar liosta na nDámhachtaí do Spárántas Cleachtóirí Cruthaitheacha 2026

 

Band Grant


 Deontas do Bhannaí 2026

Cuireann scéim an Deontais Léirithe Banna Ceoil €20,000 ar fáil go bliantúil do bhannaí scoile agus pobail na cathrach. Cuidíonn an deontas le forbairt agus taibhléiriú bannaí ceoil i gCathair na Gaillimhe. Bronnadh deontais na bliana seo ar 10 mbanna sa chathair, lena n-áirítear grúpaí scoile agus Banna Práis Naomh Pádraig, agus oibríonn siad go léir le daoine óga. Cliceáil anseo le theacht ar liosta na nDámhachtaí Deontas do Bannaí 2026

 

Deontais Ealaíon Bronnta 2025

Cliceáil anseo chun liosta na nDámhachtainí Deontas Eagraíochta Ealaíon do 2025 a fheiceáil.

Cartlann Deiseanna Ealaíon 2026