Amharclanna

Tá dhá ionad taibhithe, atá á mbainistiú agus á rith faoi scáth Chomhairle Cathrach na Gaillimhe i gCathair na Gaillimhe – Amharclann na Cathrach atá i gCearnóg Theach na Cúirte i mBarr an Chalaidh agus an Dubhlann atá suite gar dó ar Bhóthar na Díge.

An gcuireann Comhairle Cathrach na Gaillimhe ionaid taibhithe / amharclanna ar fáil i gCathair na Gaillimhe?

Tá dhá ionad taibhithe, atá á mbainistiú agus á rith faoi scáth Chomhairle Cathrach na Gaillimhe i gCathair na Gaillimhe – Amharclann na Cathrach atá i gCearnóg Theach na Cúirte i mBarr an Chalaidh agus an Dubhlann atá suite gar dó ar Bhóthar na Díge.

Is Amharclann Chathrach 400 suíochán úrscothach í Amharclann na Cathrach agus clár 52 seachtain ar bun ann d’ócáidí amharclannaíochta, ceoil (clasaiceach, traidisiúnta, pobail), grinn, damhsa, scannáin, ceoldrámaí agus imeachtaí liteartha.

Is spás taibhealaíon ilchuspóireach í an Dubhlann ina mbíonn clár bríomhar beoga amharclannaíochta, ceoil, grinn agus imeachtaí de gach cineál gach bliain.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin dá ionad agus liosta iomlán de na taibhithe agus na himeachtaí atá ar siúl faoi láthair, tabhair cuairt ar http://tht.ie

Breathnaigh ar an Léarscáil d’Ionaid Ealaíon agus Ionaid Acmhainní Chathair na Gaillimhe