Uaireanta Oscailte agus Praghsanna:
Bíonn an músaem ar oscailt ó Mháirt go Satharn idir 10am agus 5pm agus tá Saorchead isteach ag cách.
Tá tuilleadh eolais ar shuíomh gréasáin Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe ag www.GalwayCityMuseum.ie
Tá Músaem Cathrach na Gaillimhe suite gar don Phóirse Caoch ar bhruacha Abhainn na Gaillimhe i gCathair na Gaillimhe. Bunaíodh Músaem Cathrach na Gaillimhe i lár na 1970idí agus bhí sé lonnaithe ar dtús báire i dTeach an Chomartúnaigh gar don Phóirse Caoch. I mí Aibreáin 2007 osclaíodh músaem nua saintógtha, taobh thiar de láthair an tseanmhúsaeim i dTeach an Chomartúnaigh. Chuir Comhairle Cathrach na Gaillimhe tús le tionscadal nua Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe ar mhaithe le saol cultúrtha agus oidhreachta Chathair na Gaillimhe a chur chun cinn. Bailíonn, caomhnaíonn agus taispeánann Músaem Cathrach na Gaillimhe ábhar a bhaineann le stair Chathair na Gaillimhe; Seandálaíocht, Ealaín, Geolaíocht, Stair Nádúrtha, Stair Shóisialta, Pholaitiúil agus Thionsclaíoch agus Daonearraí.
Bíonn an músaem ar oscailt ó Mháirt go Satharn idir 10am agus 5pm agus tá Saorchead isteach ag cách.
Tá tuilleadh eolais ar shuíomh gréasáin Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe ag www.GalwayCityMuseum.ie