Oíche Chultúir 2026

Tá clár Oíche Chultúir Chathair na Gaillimhe 2026 ar fáil anois, ina bhfuil réimse leathan imeachtaí saor in aisce a bheidh ar siúl ar fud na cathrach. Ó cheol agus

Beidh an t-aonú Oíche Chultúir is fiche ar siúl Dé hAoine, an 18 Meán Fómhair 2026. Is í an Chomhairle Ealaíon a chuireann Oíche Chultúir ar fáil, agus is í Oifig Ealaíon

Chathair na Gaillimhe a bhainistíonn agus a chuireann ar siúl go háitiúil í. Is ceiliúradh náisiúnta í an Oíche Chultúir ar an gcultúr, ar an gcruthaitheacht agus ar na healaíona.

Tá clár Oíche Chultúir Chathair na Gaillimhe 2026 ar fáil anois, ina bhfuil réimse leathan imeachtaí saor in aisce a bheidh ar siúl ar fud na cathrach. Ó cheol agus amharcealaíona go hamharclannaíocht, litríocht, oidhreacht agus gníomhaíochtaí faoi stiúir an phobail, léirítear leis an gclár an chruthaitheacht agus an iléagsúlacht chultúir a dhéanann áit spleodrach de Ghaillimh.

Tugtar ugach do gach uile dhuine an cultúr a fhiosrú, taithí a fháil air agus taitneamh a bhaint as gach réimse de ar an Oíche Chultúir, agus ag an am céanna leagtar béim ar an obair luachmhar a dhéanann ealaíontóirí, eagraíochtaí cultúir agus pobail ar mhaithe leis an saol i gCathair na Gaillimhe.

Is féidir an clár iomlán a fheiceáil anseo 

Tá an chosúlacht ar an scéal gur oíche iontach lán cruthaitheachta agus fionnachtana a bheidh in Oíche Chultúir 2026 agus go mbeidh neart deiseanna ar fáil chun teacht le chéile agus taitneamh a bhaint as an gcultúr. Beidh neart le feiceáil agus le déanamh ag daoine de gach aois ar fud na Gaillimhe.

Beidh an Oíche Chultúir ar siúl Dé hAoine an 18 Meán Fómhair 2026.

 

Culture Night
Curragh_s Sailing © Anita Murphy 2024

 

Outset Gallery © Anita Murphy 2024

 

Ceili club Mainguard street © Ciaran Carrick 2024

 

Ceili Eyre Square © Anita Murphy 2024

 

Galway Hookers Spanish Arch © Ciaran Carrick 2024

 

Lets Draw 1 © Ciaran Carrick 2024

 

Féach físeáin ó 2024 agus 2023 thíos: