Ealaín Phoiblí

Coimisiúnaíodh Alan Clarke, ealaíontóir a bhfuil duaiseanna bainte amach aige, chun dealbh nua den scoth a fhorbairt do Chathair na Gaillimhe. Beidh ‘Gailbhe’ ina léiriú iontach físiúil de Ghailleamh nó Galvia, a bhí ina banphrionsa miotaseolaíochta ag na Fir Bolg, a deirtear go bhfuil Gaillimh ainmnithe ina diaidh.

COIMISIÚN EALAÍNE POBAIL: Droichead Coisithe agus Rothaíochta na mBradán

 

 

Alan Clarke Photo Matthew Thompson Portrait

 

Coimisiúnaíodh Alan Clarke, ealaíontóir a bhfuil duaiseanna bainte amach aige, chun dealbh nua den scoth a fhorbairt do Chathair na Gaillimhe. Beidh ‘Gailbhe’ ina léiriú iontach físiúil de Ghailleamh nó Galvia, a bhí ina banphrionsa miotaseolaíochta ag na Fir Bolg, a deirtear go bhfuil Gaillimh ainmnithe ina diaidh. Beidh an dealbh le feiceáil ag Droichead Chora na mBradán do Choisithe agus do Rothaithe. Tá an tionscadal seo á mhaoiniú ag an Roinn Iompair trí  Scéim an Chéatadáin don Ealaín.

Chuir Alan Clarke a thogra isteach mar fhreagra ar chuireadh oscailte ar léiriú spéise ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe i samhradh 2023, maraon le 26 ealaíontóir eile.  Roghnaigh painéal meastóireachta de shaineolaithe ildisciplíneacha a shaothar mar bhuaiteoir ag deireadh 2023. I measc na n-éachtaí iomadúla atá bainte amach aige, is é Alan Clarke an t-aon Éireannach atá scaoilte isteach mar bhall de Chumann Dealbhóirí Portráidí a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu. Tá an tsochaí iontach leithleasach seo 70 bliain d’aois ach gan ach 46 ball ar fud an domhain ina measc.

Ag labhairt dó faoina shamhail rathúil, dúirt Alan Clarke go bhfuil sé ag súil leis an dealbh speisialta seo a chruthú do mhuintir na Gaillimhe agus don iliomad cuairteoirí náisiúnta agus idirnáisiúnta chuig an gcathair. “Tá ríméad orm gur bhuaigh mé an coimisiún chun an dealbh seo a chruthú, tá mé ag súil go mór le dul i mbun oibre ar an tionscadal seo sna seachtainí agus míonna amach romhainn. Measaim gur shamhlaigh mé dearadh atá mealltach agus uathúil, a chuirfidh feabhas ar shuíomh atá an-álainn cheana féin. Tá súil agam go n-aireoidh muintir na Gaillimhe agus cuairteoirí chun na cathrach an rud céanna nuair a nochtfar é níos déanaí i mbliana.”

Dúirt Ruth Mulhern, Oifigeach Ealaíon, ‘Is deis iontach í seo do dhaoine dul i ngleic le saothar ealaíne nua i nGaillimh a bhfuil cáil air mar chathair chultúrtha. Beidh an píosa seo ina léiriú ar fhuinneamh cruthaitheach na Gaillimhe agus ar na deiseanna nua ealaíne i spásanna poiblí a chuirfidh leis an gcáil atá orainn as ealaín iontach a chruthú.'

Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Eddie Hoare, “Mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa, agus mar chathair na bhFéilte agus na hEalaíona, cuirim fáilte roimh an gcoimisiún seo, go háirithe ós rud é go mbeidh sé i suíomh a bhfuil próifíl chomh ard agus feiceálach aige. Osclaíodh Droichead Chora na mBradán do Choisithe agus do Rothaithe don phobal i mí Bealtaine 2023 - rud a chruthaigh pointe fócais do mhuintir na háite agus do thurasóirí araon chun an abhainn a thrasnú de shiúl na gcos nó ar rothaí, leis an Ardeaglais, Droichead Chora na mBradán, fiadhúlra uisce agus éanlaithe, oidhreacht nádúrtha agus thógtha a shamhlaítear leis an gcathair ar fad os do chomhair amach - agus spás poiblí nua do mhuintir na Gaillimhe. Cuirfidh an coimisiún seo gné eile de mhealladh agus spéis sa spás seo dóibh siúd go léir a thrasnaíonn an droichead – tá mé ag súil go mór le Gailbhe a fheiceáil nuair a bheidh sí ag siúl le cois abhainn na Coiribe ag breathnú amach ar a cathair comhainmneach”.

Mhaoinigh an Roinn Iompair an Droichead nua tríd an gClár um Thaisteal Gníomhach de chuid an Údaráis Náisiúnta Iompair (NTA), agus trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE).  Soláthraítear coimisiún Gailbhe trí Scéim an Chéatadáin don Ealaín mar chuid de mhaoiniú caipitil iomlán an droichid. Tá coimisiúnú na dealbhóireachta nua á bhainistiú ag Oifig Ealaíon Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. 

Tá fáilte roimh an bpobal moltaí a dhéanamh maidir le hainm fadtéarmach don droichead, is féidir aighneachtaí a scaoileadh isteach go dtí Dé hAoine, an 11 Feabhra 2024. 

Fan ar an eolas is déanaí faoin tionscadal ar chainéil meán sóisialta Oifig Ealaíon Chathair na Gaillimhe.

Facebook: ArtsOfficeGalwayCity       Instagram: @artsofficegalwaycity             Twitter: @cityartsgalway

 

radharc arial den droichead