Clár iomlán d’imeachtaí saor in aisce fógartha do Chathair na Gaillimhe, 15-17 Márta 2025

Paráid Fhéile Pádraig

 

Beidh féile trí lá d’imeachtaí saor in aisce ar siúl i gCathair na Gaillimhe ón 15-17 Márta chun Lá Fhéile Pádraig na bliana seo a cheiliúradh.  De bharr go mbeidh Lá Fhéile Pádraig ag titim ar an Luan (17 Márta), gealltar leis an gceiliúradh go mbeidh tuilleadh spleodair sa gcathair le linn an deireadh seachtaine fada. 

Beidh an clár á óstáil ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus beidh siad seo a leanas mar chuid de.

  • Paráid cháiliúil Lá Fhéile Pádraig Dé Luain an 17 Márta
  • Sráidbhaile beoga na Féile ar an bhFaiche Mhór, ina gcuirfear trí lá de cheol beo agus léirithe cultúir ar fáil
  • Lá Spraoi don Teaghlach ar an bhFaiche Mhór Dé Domhnaigh an 16 Márta
  • Seó rámhaíochta den scoth an Tribesmen Head of the River ar an 15 Márta agus beidh neart gníomhaíochtaí eile ar bun Dé Domhnaigh an 16 Márta don teaghlach

Ag tógáil ar oidhreacht shaibhir chultúir agus mhuirí na Gaillimhe, is é téama na bliana seo-‘Muir & Cloch:   Ceiliúradh ar Shuíomh ar Leith na Gaillimhe ar Chósta an Atlantaigh’ — tugtar ómós do cheangail dhoimhne na cathrach leis an bhfarraige agus a tírdhreach garbh aolchloiche. Cé go bhfuil na hAíonna Oinigh fós le fógairt, tá sé geallta ag an Méara, an Comhairleoir  Peter Keane do mhuintir na háite agus do chuairteoirí araon go mbeidh an fhéile seo ina taispeántas ar spiorad agus ar mheon phobal na Gaillimhe nach ndéanfar dearmad uirthi go ceann i bhfad.

‘Tá Gaillimh múnlaithe ag an gceangal atá aici leis an Atlantach — ó na tonnta a bhíonn ag réabadh ar an gcósta go dtí na ballaí cloiche ársa a thugann léargas ar stair an chontae.  Is léiriú é ‘Muir & Cloch’ ar chroílár ár gcathrach agus a muintire, agus tugaimid cuireadh do gach duine teacht chun ár n-oidhreacht chomhroinnte a cheiliúradh,”


— An Méara, an Comhairleoir  Peter Keane

Spreagtar gnólachtaí agus cónaitheoirí áitiúla agus cuairteoirí araon glacadh go fonnmhar leis an téama trí ghnéithe muirí nó cloch-spreagtha a bheith mar chuid den cheiliúradh — bíodh sé sin trí fheistis a chaitheamh, taispeántais fuinneoige, nó a bheith páirteach go cruthaitheach sa bparáid.

Chun tuilleadh sonraí a fháil faoin sceideal agus lena fháil amach cén chaoi ar féidir a bheith páirteach ann, coinnigh súil ar fhógraí preasa áitiúla agus féach ar shuíomh gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.  Tagaimis le chéile le haghaidh deireadh seachtaine nach ndéanfar dearmad uirthi ag ceiliúradh Lá Fhéile Pádraig 2025—agus sinn ag tabhairt ómós don cheangal síoraí sin idir Muir & Cloch inár nGaillimh álainn. 

 

Féile Lá Fhéile Pádraig na Gaillimhe 2025

Bí réidh d’fhéile trí lá den scoth i gcroílár na Gaillimhe! 


 Ó Dé Sathairn an 15 Márta go dtí Dé Luain an 17 Márta, beidh an Fhaiche Mhór beo le ceol, siamsaíocht agus gníomhaíochtaí do chách.  I mbliana, táimid ag ceiliúradh suíomh ar leith Chathair na Gaillimhe ar Chósta an Atlantaigh leis an téama ‘Muir & Cloch.’


Sráidbhaile na Féile (15-17 Márta)

Gealltar le Sráidbhaile spleodrach na Féile ar an bhFaiche Mhór go gcuirfear meascán beoga de cheolchoirmeacha faoin aer saor in aisce, den tallann áitiúil, agus de léirithe ó aíonna speisialta ar fáil.

  • Dé Sathairn an 15 Márta:  Lá Ceoil Indie
    Tum tú féin i lá a bheidh lán le de rifeanna giotáir a aithneoidh muid agus ceol nua ó bhannaí indie atá ag teacht chun cinn — beidh seo foirfe do dhaoine a bhfuil an-tóir acu ar cheol agus atá ag iarraidh an chéad bhanna ceoil eile is fearr leo a aimsiú. 
  • Dé Domhnaigh an 16 Márta:  Fête Fhéile an Teaghlaigh
    Tabhair leat an teaghlach ar fad le haghaidh tráthnóna lán le spraoi - beidh péintéireacht aghaidhe, léirithe sorcais, agus bannaí óga iontacha ar an stáitse.  Déan cinnte go mbeidh tú ann agus glac páirt sa mbús!
  • Dé Luain an 17 Márta: Seó Mór an Cheoil Thraidisiúnta & Bhríomhair
    Nuair a bheidh Paráid Lá Fhéile Pádraig imithe tríd an mbaile, déan do bhealach ar ais go dtí an Fhaiche Mhór le haghaidh sraith d’fhoinn thraidisiúnta agus léirithe bríomhara — is cinnte go gcuirfidh sé clabhsúr breá leis an bhféile.

An Pharáid agus an Téama: Muir & Cloch

Bígí linn Dé Luain an 17 Márta, do Pharáid cháiliúil Lá Fhéile Pádraig na Gaillimhe. Is é ‘Muir & Cloch’, téama na bliana seo, comhartha aitheantais dár dtimpeallacht álainn cois cósta agus dár n-oidhreacht shaibhir mhuirí.  Bí ag súil le flótaí ildaite, cultacha cruthaitheacha, agus neart iontais agus muid ag ceiliúradh ceangal mór na cathrach leis an Atlantach.


Spóirt atá Oiriúnach don Teaghlach ar fad ar an bhFaiche Mhór

Ón 11am-1pm Dé Domhnaigh an 16 Márta, reáchtálfar sraith gníomhaíochtaí spóirt spraíúla do theaghlaigh i gcomhar le Comhpháirtíocht Spóirt na Gaillimhe ar an bhFaiche Mhór.  Bain triail as cluichí agus dúshláin éagsúla - beidh rud éigin ann do gach aois agus cumas! 


Tribesman Head of the River Race

Fillfidh an Tribesman Head of the River ar Abhainn na Gaillimhe arís i mbliana an 15ú Márta. Ócáid í seo a mheallann lucht rámhaíochta agus lucht féachana ó i bhfad agus i gcéin.   Ócáid nua do 2025 nár cheart d'aon duine í a chailliúint ná na gníomhaíochtaí breise a bheidh oiriúnach don teaghlach ar fad a bheidh ar siúl i mBóthar na Trá Dé Domhnaigh an 16 Márta.