
Tá ríméad ar Áras Éanna Arts Centre, Inis Oírr agus Oifig Ealaíon Chomhairle Cathrach na Gaillimhe an tionscadal Pat Coleman Scríbhneoir Cónaithe Éiritheach a fhógairt a thugann ómós do Pat, carachtar agus cara iontach do mhuintir na Gaillimhe.
Bhí an-ghrá ag Pat, ar a tugadh 'Chippy' agus 'Colie' air freisin don spórt, don cheol agus do na hEalaíona agus go háirithe do mhóruaisle litríocht na hÉireann, Behan, Kavanagh, Lavin agus ar ndóigh James Joyce ina measc.
Tar éis tréimhse dheacair san ospidéal d'eagraigh a chiorcal leathan cairde imeachtaí tiomsaithe airgid chun cabhrú leis na costais a bhainean le cúnaimh do mhaireachtáil neamhspleách a chlúdach. D’imigh Pat ar slí na fírinne an 19ú Nollaig 2022.
Déanfaidh an t-airgead a bhailigh cairde Pat ceiliúradh ar a shaol agus ar a ghrá do na healaíona, tríd an gcónaitheacht seo a mhaoiniú.
Is í seo an chéad bhliain den clár cónaitheachta trí bliana. Cuirfear cónaitheacht trí seachtaine ar fáil do scríbhneoir éiritheach i gcathair na Gaillimhe le stipinn €2000 in Ionad Ealaíon Áras Éanna ar oileán álainn inspioráideach Inis Oírr.
Is ómós cuí é seo d'fhear a bhí paiseanta faoi na hEalaíona agus gan dabht bhainfí an gus as go bhfuil an deis seo á tabhairt d'ealaíontóir éiritheach ina ainm.
Cónaitheacht trí seachtaine a bheidh ann i mBealtaine 2025. Gheobhaidh an t-iarratasóir rathúil na nithe seo a leanas:
• Bus agus bád farantóireachta ó Chathair na Gaillimhe go hInis Oírr & ar ais.
• Cóiríocht féinfhreastail ar feadh thréimhse na cónaitheachta
• Stipinn €2,000
• Spás stiúideo in Ionad Ealaíon Áras Éanna
• Ceardlanna meantóireachta
Chun iarratas a dhéanamh, is gá don ealaíontóir:
• a bheith ar fáil chun dul i mbun na cónaitheachta ina iomlán i Mí Bealtaine 2025
• a bheith ina chónaí i gCathair na Gaillimhe
Chun iarratas a dhéanamh, seol ríomhphost chuig arts@galwaycity.ie leis an méid seo a leanas:
• Litir chlúdaigh breac-chuntas ar a bhfuil beartaithe agat oibriú air le linn na cónaitheachta
• C.V.
• Samplaí de do chuid oibre
Is é an 14 Márta 2025 an spriocdháta d'iarratais.
Fógróimid an t-iarratasóir rathúil ar an Déardaoin 20ú Márta 2025.