Leithdháileadh 2024 de Scéim Deontas do Chlubanna Spóirt Chomhairle Cathrach na Gaillimhe

NA

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe sásta leithdháiltí na bliana seo a fhógáirt den Scéim Deontas do Chlubanna Spóirt.

 

Leithdháileadh €140,000 in iomlán ar 50 club éagsúla agus d’éirigh le 26 club an uasdeontas €3,500 a fháil.  Tá ionadaíocht déanta ar raon leathan spóirt ó spóirt a mbíonn an-tóir orthu go dtí spóirt mionlaigh. Rachaidh an maoiniú atá leithdháilte ar na clubanna ar éirigh leo deontais a fháil i dtreo chostais trealaimh, cóitseála, taistil agus cuirfear leibhéal suntasach i dtreo scileanna nua a mhúineadh d'oibrithe deonacha. 

 

Thug Comhairle Cathrach na Gaillimhe cúnamh riamh anall do chúrsaí spóirt agus gníomhaíochta fisiciúla sa chathair.  Cuidíonn an scéim deontais seo leis an obair mhaith a bhíonn á deanamh ar an talamh ag oibrithe deonacha díograiseacha sna spóirt go léir.