"Reflections" - Mar Chomóradh ar Mhná Éireannacha 1923

Promotional image for "Reflections"

Cuireann sé bród ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Leabharlanna Poiblí na Gaillimhe agus Músaem Cathrach na Gaillimhe go bhfuil siad ag obair le chéile an clár "Reflections" (Machnaimh) a léiriú a dhéanann comóradh ar mhná suntasacha Éireann na bliana 1923 mar chuid de thionscnamh Céad Bliain an Deich mBliain 2012 - 2023, arna thacú ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Is ómós ó chroí é an tionscadal ilghnéitheach seo, arna fhorbairt ó Mí Lúnasa na bliana 2023, do na mná siúd a a chuir múnla stair na hÉireann ar fáil le linn na ré ríthábhachtacha sin. Tugann sé deis dúinn ardán a chur le chéile le haghaidh dianphlé, cónaitheachtaí ealaíontóirí, agus iniúchadh cruthaitheach ar saolta na mban sin agus a gcuid oibre. Siad na hEalaiontóirí Conaithe ná Áine Philips, Emily Cullen agus Tracy Bruen.

Ní hamháin gur ómós stairiúil é "Reflections", ach is léiriú cruthaitheach é chomh maith ar an méid suntasach a rinne mná le linn na ré sin. Is teist ar neart, ar theacht aniar, agus ar chruthaitheacht mhná na hÉireann san am thart agus san am anois.

 

Clár

‘Reflections Talk’ (Comhrá Machnaimh) – Déanfaidh Amharclann Mick Lally léirithe agus díospóireachtaí a óstáil ina mbeidh na scoláirí agus na saineolaithe Mary Clancy, Thérèse McIntyre, agus an Dr. Angela Griffith ag glacadh páirte ar an 28 Samhain, 12 - 2.30 in. Déanfaidh na cainteanna seo iniúchadh ar shaol mná na hÉireann sa bhliain 1923, ag tagairt le gnéithe éagsúla na linne, lena n-áirítear na gnéithe cultúrtha, sóisialta agus polaitiúla a gcuidíonn le tuiscint a fhail ar an gcomhthéacs stairiúil.

DOC Reflections Talk

Comhoibrithe Ealaíne: I ndiaidh dóibh tumadh isteach i stair agus i scéalta mná Éireann na bliana 1923, d’oibrigh Áine Philips, Tracy Bruen, agus Emily Cullen, ealaíontóirí atá lonnaithe i nGaillimh, le hábhair chartlainne agus le déantáin stairiúla agus chuaigh siad i gcomhar le pobail na háite d'fhonn bunsaothair ealaíne chruthú. Chuir na na healaíontóirí trí ghrúpa nua le chéile le haghaidh ceiliúradh agus cuimhneamh a dhéanamh ar obair na mban i stair na hÉireann .

‘Reflections Performance’ (Léiriú na Machnamh): Léiriú na hAmharc-ealaíne, na Litríochta agus an Cheoil, an 7 Nollaig, 7 – 8.30 in,  ina mbeidh na bratacha iontacha de chuid Mheitheal Taobh Thoir Dún Eimhire, faoi stiúr an amharcealaíontóra Áine Philips, le feiceáil i Séipéal Choláisteach San Nioclás. Déanann na bratacha seo ceiliúradh agus cuimhne ar mhná na bliana 1923 agus éachtaí 100 bliain na mban in Éirinn. Rachaidh siad ar pharáid ó Shráid na Siopaí go dtí Séipéal Choláisteach San Nioclás agus iad ag feidhmiú mar chúlra do léirithe ceoil agus ó bhéal.

DOC Performance

Meitheal Scríbhneoirí Taobh Thiar Comóradh Céad Bliain Comhrá na mBan: Faoi stiúir an scríbhneora Emily Cullen, cuirfidh an grúpa ilghnéitheach seo dánta samhlaíocha dána i láthair i léiriú bríomhar, ag ceangal comhrá líofa idir mná na hÉireann ón mbliain 1923 le mná an lae inniu .

Cór Céad Bliain Mná Chathair na Gaillimhe: Faoi stiúr an cheoltóra agus an amhránaí-chumadóra Tracy Bruen, canfaidh an cór ban ilchultúrtha agus ilghlúine seo amhráin a thugann ómós do mhná na lae thart, an lae inniu agus an lae le teacht a léireoidh éagsúlacht agus neart mná Chathair na Gaillimhe sa bhliaiin 2023.

 

Tugann clár seo na n-imeachtaí, a léiríonn saothar cruthaitheach mná na bliana  2023 ómós don am atá thart agus feidhmíonn sé mar spreagadh don phlé agus do na ghníomhaíochtaí comhaimseartha a mbaineann le comhionannas inscne agus cearta na mban.

 

Tá na himeachtaí saor in aisce, ní gá áit a chur in áirithe.