Cathair na Gaillimhe le bheith ina Chéad Údarás Áitiúil le Díosal Bóthair a Bhaint as Flít na bhFeithiclí Móra

Picture of Galway City Council staff and Mayor

Beidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar an gcéad Údarás Áitiúil sa tír a chuirfidh deireadh le húsáid an díosail bhóthair ina flít na bhfeithiclí móra, i ndiaidh á n-aistriú go hOla Glasraí Hidrea-chóireáilte (OGH) mar fhoinse breosla in-athnuaite. Baineann OGH suas le 90% de na glanastaíochtaí Dé-ocsaíd Charbóin, rud a laghdaíonn freisin truailleáin dhíobhálacha ar nós Dé-ocsaíd Nítrigine agus ábhar cáithníneach, a d’fhéadfadh asma agus feidhm scamhóg lagaithe a bheith mar thoradh astu agus a d’fhéadfadh fadhbanna anála a dhéanamh do chuid dár saoránaigh.

Ag labhairt dó faoin aistriú, dúirt Brian Barrett, Stiúrthóir Gníomhach na Seirbhísí le haghaidh Gníomhú ar son na hAeráide, “Léirigh suirbhé a rinne Geotab le déanaí ar 21 údarás áitiúil, go bhfuil Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar na trí údarás áitiúla is fearr maidir le leictriú a cuid flít, le 22% den fhlít i ndiaidh leictrithe cheana féin. Leanfar le hathsholáthar céimnithe na ngluaisteán agus na veaineanna beaga go cumhacht leictreach, agus anois táimid ag tabhairt aghaidh ar fhlít na bhfeithiclí móra againne lená n-aistriú go OGH. Cuirimid fáilte roimh an bhforbairt seo a laghdóidh na hastuithe iomlána de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ón earnáil iompair aici agus spriocanna na bliana 2030 a bhaint amach á n-iarraidh againn. Is bealach riachtanach é an OGH le haghaidh spriocanna na hAeráide a bhaint amach agus is féidir na tairbhí a fheiceáil láithreach gan aon chostais chaipitil. Is breosla díosail inbhuanaithe agus in-athnuaite é an OGH, a dhéantar as amhábhair atá in-athnuaite ar fad ar nós saillte ainmhithe agus olaí plandúla. Ina theannta sin, is féidir á húsáid agus á láimhseáil mar rogha buail isteach seachas an díosal iontaise agus ní gá aon athrú a dhéanamh ar chaidéil ná ar innill eile.”

Dar le Méara Chathair na Gaillimhe, an Clr. Eddie Hoare, “Chruthaigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe 511 tona d’astuithe CO2 sa bhliain 2021 as iompar Díosail Bhóthair. Nuair a athraíoimid anonn go an OGH, tiocfaidh laghdú suas le 90% ar an leibhéal seo, rud a chiallaíonn nach mbeadh an Chomhairle ag táirgeadh ach 51 tonna ansin - sé sin laghdú 460 tona ar astuithe an CO2 in aghaidh na bliana. Cabhróidh sé seo leis an sprioc againne laghdú 51% ar astaíochtaí iompair a bhaint amach faoin mbliain 2030’’.

Tá an chéad phlean údaráis áitiúil um ghníomhú ar son na haeráide aici á fhorbairt ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe faoi láthair. Tríd an bPlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide, tá sé mar aidhm ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe laighdú 51% a dhéanamh ar leibhéal na ngás ceaptha teasa ina cuid oibríochtaí agus sa chathair i gcoitinne faoin mbliain 2030, agus a bheith neodrach ó thaobh an charbóin de faoin mbliain 2050. Tá tuilleadh eolais le feiceáil ag www.GalwayCity.ie/Climate-Action-Plan