Cuirfear tús le hoibreacha chun acomhal an Chorráin/Bhóthar na Mara a fheabhsú ón Luain, 7ú Deireadh Fomhair, 2024. Tá sé sceidealta go mairfidh na hoibreacha seo ar feadh chúig mhí.
Fáiltíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe roimh chinntí dearfacha an Bhoird Pleanála maidir le toiliú a thabhairt don tionscadal BusConnects na Gaillimhe: Nasc Traschathrach (Bóthar na hOllscoile go Bóthar Bhaile Átha Cliath).
De réir Chuid XI de na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú) agus Cuid VIII, Airteagal 81 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 (arna leasú), tugann Comhairle Cathrach na Gaillimhe fógra leis seo maidir leis an moladh chun rotharbhealach leithscartha ardchaighdeáin a sholáthar feadh Bóthar an Bhaile Bháin R865 agus Bóthar Pháirc an Chaisleáin L5029, Gaillimh; dar teideal “Scéim Ghréasán Rothaíochta Bhóthar an Bhaile Bháin agus Bhóthar Pháirc an Chaisleáin”