Uasghrádú ar Acomhal an Chorráin/Bhóthar na Mara

Guide Navigation

Skip Guide Navigation

Forbhreathnú Scéime

Nuashonrú - Mean Fomhair 2024

Táthar chun tús a chur le hoibreacha chun feabhas a chur ar acomhal An Corrán/Bóthar na Mara amach ó 7 Deireadh Fómhair, 2024. Tá sé sceidealta go mairfidh na hoibreacha seo ar feadh chúig mhí.

Cuirfear breis sábháilteachta ar fáil leis an scéim seo do choisithe, do lucht taistil ar rothaí agus do lucht rothaíochta, ar a n-áirítear úsáideoirí soghonta na mbóithre agus páistí.

Áireofar ar na hoibreacha:

·         Soláthar táblaí ardaithe ag an mbealach isteach ar Fhaiche an Chorráin agus acomhal An Corrán/Bóthar na Mara.

·         Cúngú acomhal Bhóthar na Mara.

·         Soláthar cosáin feadh An Chorráin Theas mar nasc idir an stad bus agus an Lárionad Leighis.

·         Ionchorprú gairdíní báistí isteach in uasghrádú acomhal An Corrán/Bóthar na Mara mar aon le breis plandaithe.

·         Soláthar trasriain coisithe ar Ascaill an Athar Uí Ghríofa díreach siar ón acomhal le Bóthar Phóil.

·         Soláthar trasriain coisithe ar an gCorrán, díreach soir ón acomhal le Páirc Phailmíre.

·         Soláthar mullard sábháilteachta agus marcáil bóithre ar rochtainí Acaill Sherwood, An Bhóthair Aird agus Bhóthar Mhuire ar Scoil Fhursa.

·         Ceartú beag lena mbogfar an Stad Bus ar an gCorrán chuig suíomh níos sábháilte feadh an chosáin nua.

Tá an tionscadal seo arna mhaoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair agus arna sheachadadh ag Comhairle Contae na Gaillimhe. Tá conraitheoir á cheapadh chun na hoibreacha a chur i gcrích.

Nuashonrófar na cónaitheoirí de réir mar a théann an scéim seo ar aghaidh agus déanfar gach dícheall chun cur isteach a íoslaghdú i gcaitheamh na n-oibreacha seo. Gabhaimid ár leithscéal roimh ré as aon mhíchaoithiúlacht agus gabhaimid ár mbuíochas libh as bhur gcomhthuiscint.

Má bhíonn aon fhiosruithe nó ceisteanna agaibh, ná bíodh aon leisce oraibh r-phost a chur chuig activetravel@galwaycity.ie nó glaoch orainn ag 091 536400.

 

Líníocht - Oibreacha pleanáilte i gceantar an Chorráin / Acomhal Bhóthar na Mara

Líníocht - Oibreacha pleanáilte i gceantar Scoil Fhursa

Bileoga Eolais

Bileog Eolais 1 - Mean Fomhair 2024