An Scéim
Tuarascáil ar Thoradh an Chomhairliúcháin Phoiblí – Meán Fómhair 2022
Tá an Tuarascáil ar Thoradh an Chomhairliúcháin Phoiblí, ina shonraítear an t-aiseolas a fuarthas, na comhairliúcháin a rinneadh agus ‘Na Chéad Chéimeanna Eile’ ar fáil anois.
Tuarascáil ar Thoradh an Chomhairliúcháin Phoiblí
Plean Seachadta Achoimrithe - Aibreán/Bealtaine 2022
In Aibreán/Bealtaine 2022, d’aontaigh Oifigeach Bonneagair na Scoileanna Glasa de chuid an Taisce, i gcomhar le hionadaithe na scoile, an Plean Seachadta Achoimrithe d’idirghabhálacha le himscrúdú agus le cur chun cinn mar chuid de Chlár SRTS do na Scoileanna Náisiúnta Lé Chéile & Naomh Iosef sa Ghaillimh, ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe i gcomhar leis an Údarás Náisiúnta Iompair.
Plean Seachadta Achoimrithe - Scoil Speisialta Naoimh Ioseph
Plean Seachadta Achoimrithe - Crios Scoile GET SN
Crios Scoile GET SN & Scoil Speisialta Naoimh Ioseph – Comhairliúchán Poiblí, Mí Bhealtaine na bliana 2022
Réamhrá
Mar chuid den chlár Bealaí Sábháilte ar Scoil (BSAS), tá teagmháil á dhéanamh ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe le pobal scoile GET SN & Scoil Speisialta Naoimh Ioseph chun dearadh ‘aghaidh na scoile’ a fhorbairt chun á dhéanamh níos sábháilte do leanaí atá ag siúl, ag rothaíocht agus ag scútáil ar scoil. Rachaidh an dearadh chun tairbhe freisin do chónaitheoirí agus do chomaitéirí a mbíonn ag siúl agus ag rothaíocht trína gcomharsanacht.
Tacóidh 86% de thuismitheoirí/chaomhnóiri GET SN & 95% de thuismitheoirí/chaomhnóiri Scoil Speisialta Naoimh Ioseph leis na hoibreacha ar aghaidh na scoile a fheabhsaíonn sábháilteacht na ndaltaí agus a chuireann coisithe agus rothaithe chun tosaigh.
Tacódh 94% GETSN/ 100% SSNI de na tuismitheoirí/caomhnóirí le hoibreacha a fheabhsódh na bealaí siúlóide agus rothaíochta ar scoil.
Suirbhé Taistil na dTuismitheoirí agus na gCaomhnóirí 2021
Nuair a cuireadh ceist ar thuismitheoirí/chaomhnóirí i GET SN & Scoil Speisialta Naoimh Ioseph cén feabhsú a thacódh lena gcuid páistí siúl, rothaíocht nó scútáil ar scoil, ba iad na freagraí is minice ná:
- Cosáin nua/feabhsaithe (38% Scoil Ioseph)
- Ionaid trasnaithe níos sábháilte (3% Scoil Ioseph, 58% GETSN)
- Rotharbhealaí nua/feabhsaithe (53% Scoil Ioseph, 64% GETSN)
- Laghdú ar líon na gcarranna ag geata na scoile (46% GETSN)
Tá dearadh curtha le chéile ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun aghaidh a thabhairt ar an imní a léirigh tuismitheoirí/caomhnóirí, agus tá aiseolas á lorg aici ón bpobal ar na moltaí.
Cad atá molta i leith GET SN & Scoil Speisialta Naoimh Ioseph?
Tá dearadh ‘Crios Scoile’ forbartha do GET SN & Scoil Speisialta Naoimh Ioseph, atá bunaithe ar threoir deartha náisiúnta na mBealaí Sábháilte ar Scoil agus ar rannpháirtíocht leis an scoil agus leis na húinéirí talún a roinneann an bóthar rochtana/an pháirceáil freisin. Baineann na treoir dearaidh siúd ar nós an Lámhleabhar Rothaíochta Náisiúnta agus an Lámhleabhar Dearaidh do Boithre agus Shráideanna Uirbeacha leis an dearadh chomh maith.
Gnéithe atá Molta:
- Mullaird bata chun cosc a chur ar pháirceáil ar na cosáin ar bhfuil leanaí ag siúl
- Marcanna bóthair ag aibhsiú na scoile do thiománaithe
- Trasrianta coisithe ardaithe a ligeann do na leanaí trasnú agus do na gluaisteáin a mhoilliú
- Cosáin Leanúnacha ag tabhairt ‘tosaíocht an amhairc’ do choisithe agus a mhoillíonn carranna
- Acomhail níos déine a fhágann go bhfuil acomhal níos giorra ann do leanaí le haghaidh trasnú an bhóthair
- Línte buí dúbailte chun cur in aghaidh gluaisteáin pháirceáilte ag cur bac ar an trácht/ar amharclíne na bpáistí
Is féidir na líníochtaí i leith GET SN & Scoil Speisialta Naoimh Ioseph a fheiceáil anseo
Is féidir léiriú ‘caint tríd’ den líníocht a fheiceáil anseo