Taisteal Gníomhach Chanáil Eglinton

Guide Navigation

Skip Guide Navigation

An Scéim

Is éard atá i gceist le Scéim Taistil Gníomhach Chanáil Eglinton ná 880m de chosáin a uasghrádú chun rothaíocht shábháilte, siúil agus rothaí a éascú i gceantar gnóthach de chuid Chinn Thiar na Gaillimhe.  Éascaíonn an tionscadal Taisteal Gníomhach feadh Chanáil Eglinton, ón acomhal ar Bhóthar an Athar Ó Gríofa go dtí an t-acomhal le Bóthar na hOllscoile.  Áirítear ar na hoibreacha dromchla nua a chur ar an mbealach, agus pointí trasnaithe séabra nua a thógáil agus bearta ceansaithe tráchta breise lena n-áirítear tógáil amach agus ardáin ardaithe.  Éascaíonn an bealach naisc do choisithe agus rothaithe chuig cinn scríbe lena n-áirítear Ardeaglais na Gaillimhe, Ollscoil na Gaillimhe, agus Ospidéal na hOllscoile Gaillimh, chomh maith le Lár Chathair na Gaillimhe agus an Póirse Caoch. 

Fuair an tionscadal seo maoiniú ó Fáilte Éireann, mar chuid de thionscnamh na mBailte Ceann Scríbe chun ligean do Chomhairlí spásanna poiblí a fheabhsú.  Bhí an scéim mar chuid d'obair an Údaráis Náisiúnta Forbartha Turasóireachta chun scaipeadh réigiúnach níos fearr a chur chun cinn de chuairteoirí agus de chaiteachas thar lear agus intíre.  Rinne an tÚdarás Náisiúnta Iompair páirtmhaoiniú ar an tionscadal freisin.

D’oscail Méara Chathair na Gaillimhe, An Clr. Eddie Hoare agus an tAire Iompair, Eamon Ryan T.D. an scéim seo imBealtaine 2024.

A walker using the Eglinton Canal Active Travel Scheme

 

An aerial view of the Eglinton Canal Active Travel Scheme