Cuirfear tús le hoibreacha feabhsúcháin ar an lána rothaíochta agus ar an gcosán reatha ar Bhóthar Áth Cinn ón Luan 21 Deireadh Fómhair. Beidh na hoibreacha seo críochnaithe taobh istigh de cheithre seachtaine.
Tá limistéar na n-oibreacha ar an taobh ó thuaidh de Bhóthar Áth Cinn, idir stad an bhus os comhair Pháirc Mhiondíola Thír Oileáin agus Acomhal Ciarabhánach.
Beidh socruithe sealadacha um Bainistiú Tráchta i bhfeidhm chun oibreacha a éascú, lena n-áirítear dúnadh lánaí, de réir mar is gá, idir 10 a.m. agus 4 p.m. go laethúil.
Gabhann Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus na conraitheoirí John Madden & Sons buíochas le húsáideoirí bóithre as a gcomhoibriú agus is mian leo leithscéal a ghabháil roimh ré as aon mhíchaoithiúlacht.