Féadfaidh údaráis áitiúla deontais a sholáthar dóibh siúd a bhfuil a dteach féin acu chun greimráillí, cithfholcadáin rochtana comhréidh, rampaí rochtana agus ardaitheoirí staighre a cheannach agus a shuiteáil.
Féadfaidh údaráis áitiúla deontais a sholáthar do dhaoine scothaosta a bhfuil a dteach féin acu le haghaidh oibreacha deisiúcháin nó feabhsúcháin chun a dteach faoi úinéireacht phríobháideach a dhéanamh níos oiriúnaí dá gcuid riachtanas.
Tá Foireann Imeasctha na nÚdarás Áitiúil (LAIT) ar fáil chun tacaíochtaí leanúnacha lánpháirtíochta a chur ar fáil do dhaoine atá rangaithe in aon cheann de na grúpaí seo a leanas a bhfuil cónaí orthu i gcathair na Gaillimhe
Tá an Iasacht Tithíochta Údaráis Áitiúil (LAHL) ar fáil do dhaoine nach bhfuil in ann dóthain cistithe a fháil ó bhainc thráchtála chun teach a cheannach nó a thógáil.
Is tacaíocht tithíochta sóisialta í an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT). Tiocfaidh ÍCT in áit Forlíonadh Cíosa dóibh siúd a bhfuil riachtanas tithíochta fadtéarmach acu.