Faoin gCreat Éire Shláintiúil, cuirfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe fáilte roimh iarratais ar mhaoiniú ó ghrúpaí pobail áitiúla taobh istigh de limistéar riaracháin Chathair na Gaillimhe.
Is straitéis náisiúnta rialtais í Éire Shláintiúil a bhfuil sé d’aidhm aici sláinte agus folláine gach uile dhuine atá ina gcónaí in Éirinn a fheabhsú.
An sprioc atá ag Éire Shláintiúil galair ainsealacha a sheachaint trí stíl mhaireachtála shláintiúil a spreagadh agus timpeallachtaí níos folláine a chruthú.
Is iad seo 4 phríomhsprioc Éire Shláintiúil:
-
líon na ndaoine atá sláintiúil a mhéadú
-
éagothroime sláinte a laghdú
-
an pobal a chosaint ó bhaoil don tsláinte agus don fholláine
-
Timpeallacht a chruthú ina bhfuil gach uile dhuine agus earnáil in ann a gcuid a dhéanamh chun Éire Shláintiúil a bhaint amach.
Cuirfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Éire Shláintiúil fáilte roimh iarratais ar mhaoiniú ó chumainn agus ó ghrúpaí pobail áitiúla taobh istigh de Chathair na Gaillimhe chun tacú le tionscnaimh, le tionscadail agus le gníomhaíochtaí atá dírithe ar shláinte agus ar fholláine a fheabhsú.
Le go n-éireoidh le hiarratas ar mhaoiniú, ba cheart don iarratas a bheith ag teacht le ceann nó níos mó de na spriocanna thuas.
Glacfar le hiarratais ar líne ón 9am Dé Máirt an 4 Feabhra 2025.
Is féidir teacht ar threoirlínte maidir leis an deontas anseo:
Déan iarratas ar líne ar dheontas Éire Shláintiúil 2025 ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe anseo: https://submit.link/3jh
Ní mór do ghrúpaí a n-éireoidh leo a bheith cláraithe mar sholáthróir de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Mura bhfuil tú cláraithe fós, ná déan dearmad an fhoirm atá ceangailte a líonadh. Supplier Setup form GCC 2024.pdf (PDF, 272.25KB)
Má bhíonn aon cheist agat déan teagmháil le candc@galwaycity.ie nó 091-536 461/ 091 – 536358.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Chathair Shláintiúil na Gaillimhe téigh chuig https://www.healthygalwaycity.ie/
Chun breis eolais a fháil faoin gCreat Éire Shláintiúil, téigh chuig gov.ie - Healthy Ireland Framework 2019-2025
4.00pm Dé hAoine an 21 Feabhra 2025 an dáta deiridh nglacfar le hiarratais ar líne.