Lá na hAfraice

Lá na hAfraice

Ceiliúradh bliantúil domhanda is ea Lá na hAfraice ar dhaoine, ar chultúir agus ar chumais na mór-roinne iontaí seo.  Bíonn Lá na hAfraice ar siúl ar an 25 Bealtaine gach bliain, agus tugann sé seans do dhaoine teacht le chéile agus ceiliúradh a dhéanamh ar éagsúlacht na hAfraice.

Tá sé i gceist ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, i gcomhpháirtíocht le foireann Lá na hAfraice Chúnamh Éireann sa Roinn Gnóthaí Eachtracha, ceiliúradh a dhéanamh Lá na hAfraice ar an 25 Bealtaine 2025 agus táthar ag iarraidh ar ghrúpaí agus eagraíochtaí áitiúla imeachtaí/gníomhaíochtaí a óstáil in ómós dó.

Is féidir le haon ghrúpa/eagraíocht i gCathair na Gaillimhe a bhfuil spéis acu ceiliúradh/imeacht/tionscnamh Lá na hAfraice a óstáil iarratas a dhéanamh anois. Ba chóir go mbeadh na himeachtaí ar siúl chomh gar agus is féidir do Lá na hAfraice 2025, ach iad a bheith ar siúl sna deich lá roimh nó i ndiaidh Dé Domhnaigh an 25 Bealtaine 2025.   

Tá maoiniú suas le €4,000 ar a mhéad ar fáil do na hiarratasóirí a n-éireoidh leo ach sin faoi réir é a bheith ceadaithe freisin ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha. Tabhair faoi deara, le do thoil: Íoctar 50% den íocaíocht le hiarratasóirí cáilithe nuair a bhronntar an litir thairisceana agus íoctar an 50% eile nuair a bheidh an t-imeacht curtha i gcrích go sásúil. 

Is é am scoir gnó Dé hAoine an 14 Feabhra 2025 an spriocdháta chun foirmeacha iarratais comhlánaithe ar mhaoiniú a chur isteach. Seol na foirmeacha comhlánaithe ar ais chuig candc@galwaycity.ie 

Cuirfear an cinneadh a bheidh déanta faoi d’iarratas in iúl duit i mí Aibreáin 2025. 

Comhairle Cathrach na Gaillimhe i gcomhpháirtíocht le Cúnamh Éireann agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha.