Tithíocht

Bíonn an cuntar tithíochta poiblí ar oscailt ó 9.30am go dtí 1pm, Luan go hAoine.

Is féidir glaoch a chur ar 091 536400 ó 9am go 5pm.

Tá oifigí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe suite i Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh. Breathnaigh ar  léarscáil den áit a bhfuilimid lonnaithe.

Image Garraí na Sailí

Scéim Tithíochta Inacmhainne Garraí na Sailí

9 January 2025

Burkeway Homes Tá áthas ar Burkeway Homes 8 dteach nua i nGarraí na Sailí, Leitreach, Contae na Gaillimhe a chur ar an margadh. Tá ceithre theach leathscoite 2 sheomra leapa agus ceithre theach leathscoite 3 sheomra leapa á ndíol i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe trí na socruithe le haghaidh tithe inacmhainne faoin Acht um Thithíocht Inacmhainne, 2021 agus na rialacháin a ghabhann leis.

NOTICE OF CONSIDERATION OF SETTING A SCHEME FOR THE ABATEMENT OF RATES IN RESPECT OF VACANT PROPERTI

FÓGRA I DTAOBH BREITHNIÚ A DHÉANAMH AR SCÉIM A SHOCRÚ CHUN RÁTAÍ A LAGHDÚ I LEITH MAOINE FOLMHA

20 September 2024

Déantar foráil shonrach in alt 9 den Acht um Rátaí Rialtais Áitiúil agus Nithe Eile, 2019, go bhféadfaidh comhaltaí tofa d’údarás áitiúil scéim a dhéanamh lena ndéanfar foráil maidir le rátaí a laghdú i leith réadmhaoine folmha agus go gceadófar scéim den sórt sin ag cruinniú buiséid an údaráis áitiúil, maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil a mbeidh feidhm ag an scéim maidir léi.

Image of City Hall

Measúnú Ar Riachtanais Tithíochta 2024

10 July 2024

De réir Alt 21 den Acht Tithíochta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009 agus Alt 6 den Acht Tithíochta (Cóiríocht do Thaistealaithe) 1998, tá treoir faighte ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta tabhairt faoi Mheasúnú ar Riachtanais Tithíochta i 2024.