Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Cónaidhm Thionscal na Foirgníochta ag Neartú an Chomhoibrithe chun Seachadadh Tithíochta a Bhrostú

Staff and reps from CIF

Tháinig baill foirne shinsearacha pleanála agus bonneagair i gComhairle Cathrach na Gaillimhe agus ionadaithe ó Chónaidhm Thionscal na Foirníochta (CTF) le chéile an tseachtain seo caite mar rannpháirtíocht réamhghníomhach, chun an chomhpháirtíocht idir na hearnálacha poiblí agus príobháideacha a neartú chun aonaid tithíochta a bhfuil géarghá leo a sholáthar ar fud Chathair na Gaillimhe.

Tá an comhoibriú seo ina chuid lárnach de thiomantas leanúnach na Comhairle spriocanna Tithíochta do Chách an Rialtais a bhaint amach agus aghaidh a thabhairt ar an éileamh méadaitheach ar thithíocht ardchaighdeáin sa chathair. 

Chuir an cruinniú fóram oscailte ar fáil chun plé a dhéanamh ar dhúshláin agus ar dheiseanna maidir le soláthar tithíochta, lena n-áirítear cuidiú le forbairtí nua féin-tógála, éadálacha, agus athdhéanamh réadmhaoine folmha agus a ndearnadh faillí orthu chun dul i ngleic le dearóiliú ar fud na cathrach. 

Tríd an bpróiseas rannpháirtíochta struchtúrtha leanúnach seo, oibreoidh an Chomhairle go dlúth le páirtithe leasmhara an tionscail chun próisis a chuíchóiriú agus chun soiléireacht a sholáthar maidir le sásraí seachadta agus maoinithe, rud a chinnteoidh cur chuige comhordaithe maidir le soláthar tithíochta a mhéadú.

Dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, "Aithníonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe go bhfuil rannpháirtíocht fhiúntach leis an earnáil phríobháideach, le cur chuige aonfhoirmeach i leith bacainní, riachtanach chun freastal go héifeachtach ar riachtanais tithíochta. Díríonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar chaidreamh láidir oibre a chothú leis an earnáil tógála lena chinntiú gur féidir linn aghaidh a thabhairt i dteannta a chéile ar na dúshláin a bhaineann le soláthar tithíochta. Cinntíonn an cur chuige seo go bhfuil an Chomhairle fós gníomhach leo siúd a mhúnlaíonn todhchaí thírdhreach tithíochta agus forbartha na Gaillimhe."

Dúirt Justin Molloy, Stiúrthóir CTF, "Chun feabhas a chur ar sholáthar tithe nua i gcathair na Gaillimhe, tá sé riachtanach go n-oibreodh CIF agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe le chéile chun na bacainní a chuireann bac ar fhorbairt tithíochta a chur in iúl agus moltaí a chur faoi bhráid an Rialtais maidir leis na gníomhartha is gá chun na dúshláin seo a réiteach."

Le déanaí, mar thoradh ar chomhoibriú poiblí agus príobháideach i gCathair na Gaillimhe, tá aonaid tithíochta inacmhainne i nGarraí na Sáií, rud a léiríonn na deiseanna a d'fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar rannpháirtíocht. 

Tá tuilleadh cruinnithe rannpháirtíochta beartaithe.