Nuacht

Café Lates

Léiriú Spéise: Tionscnamh Píolótach Café Lates

24 February 2025

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ceann de naoi gcathair/mbaile píolótacha ar fud na tíre atá ag cur go gníomhach le geilleagar oíche na hÉireann, tiomanta do chur leis na rudaí éagsúla atá le déanamh sa chathair tar éis a 6 a chlog tráthnóna. Tugann an tionscnamh 'Café Lates' aghaidh go díreach ar an aiseolas a fuarthas le linn comhairliúchán poiblí chun Cultúr Caifé a fhorbairt mar chuid de Phlean Gníomhaíochta do Gheilleagar Oíche Chathair na Gaillimhe.

pop Up

Tob-Ócáid Ar An ar an BPromanáid

20 February 2025

Ar an Satharn, 22 Feabhra, beimid ar an bPromanáid chun comhrá a dhéanamh le muintir na háite agus le cuairteoirí faoi na rudaí is breá leo faoi Bhóthar na Trá agus áit a bhfeiceann siad achmhainneacht le haghaidh feabhsúcháin.

GCC employees, gardaí and stakeholders standing with purple flag

An Bhratach Chorcra le crochadh i gCathair na Gaillimhe agus i mBóthar na Trá in 2025

17 February 2025

Tá muintir Chathair na Gaillimhe agus Bhóthar na Trá ag ceiliúradh agus é curtha in iúl dóibh go an Bhratach Chorcra bainte amach acu don bhliain 2025. Tugtar aitheantas leis an ngradam mór le rá seo dá ndílseacht geilleagar oíche (NTE) bríomhar, sábháilte agus fuinniúil a chur chun cinn. Is é seo an dara huair ag Bóthar na Trá an bhratach a bhaint amach ach tá stádas na Brataí Corcra coinnithe ag Cathair na Gaillimhe ó 2015.

Image of City Hall

BÓITHRE CEAPTHA INA mBÓITHRE POIBLÍ - Lána na hEaglaise, Cnoc na Cathrach

13 February 2025

BÓITHRE CEAPTHA INA mBÓITHRE POIBLÍ
De réir fhoráil d’Acht na mBóithre, 1993, TUGANN Comhairle Cathrach na Gaillimhe FÓGRA LEIS SEO go mbeartaíonn sí dearbhú a dhéanamh go mbeidh na bóithre thíosscríofa ina mbóithre poiblí. Breithneoidh an Chomhairle luaite an gnó seo ag cruinniú a thionólfar ar a luaithe an 7
Aibreán 2025.