BÓITHRE CEAPTHA INA mBÓITHRE POIBLÍ - Lána na hEaglaise, Cnoc na Cathrach

Image of City Hall

BÓITHRE CEAPTHA INA mBÓITHRE POIBLÍ

De réir fhoráil d’Acht na mBóithre, 1993, TUGANN Comhairle Cathrach na Gaillimhe FÓGRA LEIS SEO go mbeartaíonn sí dearbhú a dhéanamh go mbeidh na bóithre thíosscríofa ina mbóithre poiblí. Breithneoidh an Chomhairle luaite an gnó seo ag cruinniú a thionólfar ar a luaithe an 7 
Aibreán 2025.

Tá na bóithre atá luaite léirithe ar léarscáil atá ar fáil le hiniúchadh i gcaitheamh uaireanta oifige, 9.30a.m. go dtí 1:00i.n., i Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, ón Deardaoin an 13 Feabhra 2025 –  Déardaoin 20 Márta 2025, agus an dáta sin san áireamh. Tá sé i gceist ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe bóithre, seirbhísí agus spásanna oscailte poiblí a thógáil i gcúram taobh istigh den limistéar a bhfuil imlíne dhearg timpeall air sna léarscáileanna, gan limistéir phríobháideacha san áireamh. Ní mór agóidí nó aighneachtaí maidir leis an togra a bheith faighte ag an té a bhfuil a ainm thíos tráth nach déanaí ná faoi mheán lae 12:00i.n. Déardaoin 27 Márta 2025. Is féidir an fógra seo agus an léarscáil seo a íoslódáil ónár suíomh gréasáin freisin: www.galwaycity.ie.

BÓTHAR (Ainm an Eastáit)

CUR SÍOS

Lána na hEaglaise

Cnoc na Cathrach 

Gaillimh

Píosaí bóthair, cosáin, spás oscailte poiblí agus seirbhísí, laistigh de réimsí á dtaispeáint ar Líníocht Uimh. R11-453-01 ar fad 25 méadar líneach.

 

Sínithe: Patrick Greene,

Stiúrthóir Seirbhísí, Stiúrthóireacht um Fhorbairt Oibriúcháin