Nuacht

Access Control
Facilities funded by GCC including Westside pitches and running track, a tennis court, new footpaths and Rocky Road Memorial Garden

Fógra Maidir Le Rún Do Rith Faoi Alt 20(2) den Acht Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil), 2012 (Arna Leasú)

16 October 2024

De bhun forálacha alt 20 den ACHT AIRGEADAIS (CÁIN MHAOINE ÁITIÚIL) 2012 (arna leasú), tugaim, a bhfuil mo shíniú leis seo thíos, fógra leis seo don Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maidir le rún do rith, ag cruinniú den údarás áitiúil thuasluaite an 14ú Deireadh Fómhair 2024 á rá gur cóir an bunráta cánach maoine áitiúla a bheith arna athrú suas de réir 15 phointe céatadáin do na blianta 2025 go 2029 i leith maoine cónaithe iomchuí atá suite i limistéar riaracháin an údaráis áitiúil.

Road Closure

DÚNADH SEALADACH BÓITHRE Acht na mBóithre 1993 - Alt 75 Na Rialacháin um Bóithre 1994 - Airteagal 12 Fógra Cinnidh - Sráid an Gheata Bhig

16 October 2024

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil ordú déanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe lena ndúnfar:

Sráid an Gheata Bhig: Ó acomhal Bóthar Shandair go dtí acomhal Sráid an Gheata Bhig
(ar aghaidh Sally Longs).

Tréimhse Dúnta: Ó 8.00r.n go 2.00i.n De Máirt 22ú Deireadh Fómhair 2024.

Cúis: Éascú a dhéanamh ar scafall a bhaint den aghaidh sheachtrach de Electric Nightclub agus Abbeygate House.

Bealaí Atreoraithe: Beidh bealach atreoraithe sealadach i bhfeidhm trí Bóthar Shandair.

Road Closure

DÚNADH SEALADACH BÓITHRE Acht na mBóithre 1993 – Alt 75 Rialacháin um Bóithre 1994 – Airteagal 12 Fógra Rúin - An Fhaiche Mhór Thuaidh (L-51241)

16 October 2024

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil sé beartaithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ordú a dhéanamh ag dúnadh:-

An Fhaiche Mhór Thuaidh (L-51241): Ón Acomhal le Sráid an Iarsaigh go dtí an tAcomhal le Sráid Gheata Liam.

Tréimhse Dúnta: Ó Dé Domhnaigh 3ú Samhain 2024 go dtí Dé Céadaoin 8ú Eanáir 2024.

Cúis: Margadh Nollaig na Gaillimhe 2024.

Road Closure

DÚNADH SEALADACH BÓITHRE Acht na mBóithre 1993 – Alt 75 Rialacháin um Bóithre 1994 – Airteagal 12 Fógra Rúin - Bóthar na Trá Uachtarach (R-336)

16 October 2024

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil sé beartaithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ordú a dhéanamh ag dúnadh:-

Bóthar na Trá Uachtarach (R-336): Ó Túr na Carraige Dubhe go dtí Timpeallán Uí Dorchaí.

Tréimhse Dúnta: Ó 3.00i.n go dtí 10.00i.n, Dé Domhnaigh an 17ú Samhain 2024.

Cúis: Chun taispeántas mótarspórt a éascú.

Social Inclusion

Seachtain um Chuimsiú Sóisialta Cathair na Gaillimhe ón 21 go dtí an 26 Deireadh Fómhair 2024

11 October 2024

Bíonn an tSeachtain um Chuimsiú Sóisialta ar siúl i gCathair na Gaillimhe ón 21 go dtí an 26 Deireadh Fómhair 2024.
Is é an téama do Sheachtain um Chuimsiú Sóisialta na bliana seo ná ‘Díreach Nóiméad Foighne’ mar go mbíonn beagán níos mó foighne agus tuisceana ag teastáil ó dhaoine uaireanta chun páirt a ghlacadh ar an mbealach céanna le gach duine eile.

sonraí an chruinnithe

Cruinniú Faire Comharsanachta

11 October 2024

Tionólfar cruinniú faire comharsanachta ar 30 Deireadh Fómhar. Tá sé eagraithe ag An Garda Síochana.