Tá damáiste suntasach déanta i gcoillearnacha agus i bpáirceanna na cathrach de bharr Stoirm Éowyn. Tógfaidh sé roinnt ama measúnú iomlán a dhéanamh ar an damáiste agus tús a chur leis an nglanadh sna réimsí sin. Tá carrchlós Choillte Bhearna agus carrchlós Chnoc an Rois dúnta faoi láthair. Fan amach as coillearnacha agus páirceanna go dtí go mbeidh an glantachán críochnaithe, mar d'fhéadfaí cosáin a bhlocáil, agus d'fhéadfadh baol a bheith ann go dtitfidh crainn atá damáistithe/ lagaithe.