Gradaim Mhéara Chathair na Gaillimhe

Mayor's Awards

Tá an-áthas orm Gradaim Bhliantúla an Mhéara a fhógairt inniu, Déardaoin an 30 Eanáir 2025, mar aitheantas ar bhliain dheonach eile den scoth. Déanann na gradaim seo ceiliúradh ar an tionchar suntasach a bhíonn ag daoine ar leith, pobail agus grúpaí deonacha ar fud Chathair na Gaillimhe.

Mar Mhéara, molaim gach duine ar leith, an pobal agus na grúpaí deonacha sin a a rinne éacht agus a chur an dua orth féin ina gcuid oibre deonacha a ainmniú. Is iad na hoibrithe deonacha croílár na cathrach, agus fágann an méid luachmhar a dhéanann siad tionchar buan ar shaol go leor daoine. 

Má tá duine, nó grúpa ann ar fiú aitheantas a thabhairt dóibh as a gcuid iarrachtaí, ainmnigh iad le do thóil. Ar seo, an dara bliain is fiche de na Gradaim, táim ag súil go mór le haitheantas a thabhairt  do na daoine ar leith, an pobal agus na grúpaí deonacha iontacha seo a spreagann a ndíograis agus a bpaisean muid go léir 

Ba mhaith le Comhairle Cathrach na Gaillimhe a fhios a bheith ag gach oibrí deonach go bhfuil a gcuid oibre déanta acu agus go ndéantar an obair dheonach a cheiliúradh as a luach bunúsach dár sochaí, rud a chabhraíonn le pobail bhríomhara, chuimsitheacha agus inbhuanaithe a fhorbairt.

Cuireann Comhairle Cathrach na Gaillimhe fáilte roimh ainmniúcháin do dhaoine aonair nó do ghrúpaí a bhfuil baint acu le gníomhaíocht dheonach sa chathair i gceann de na catagóirí seo a leanas:

 

 

Más mian leat duine aonair nó grúpa a ainmniú d’aon cheann de na catagóirí gradaim seo, is féidir leat foirm ainmniúcháin ar líne a chomhlánú ag https://submit.link/3ib Tá foirmeacha ainmniúcháin ar fáil freisin ó Halla na Cathrach agus ó Leabharlanna na Cathrach. 

Is é 4pm Dé hAoine, an 21 Feabhra 2025 an dáta deiridh le haghaidh ainmniúchán ar líne. 

Bronnfar bronntanas cuimhneacháin agus sparánacht €500 ar na buaiteoirí lena n-úsáid i dtreo a gcuid oibre deonaí. Bronnfar Teastas Méara atá deartha go haonarach ag Searmanas na nGradam ar gach ainmnithe a bheidh ar siúl Déardaoin 1 Bealtaine 2025 in Galway Bay Hotel, Bóthar na Trá, Gaillimh.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Ghradaim an Mhéara, seol ríomhphost chuig mayorsawards@galwaycity.ie nó cuir glaoch ar 091 536 461 / 091536358.