
Bhuaigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe an Gradam don Rian/ Uiscebhealach is fearr in Éireann do Scéim Taistil Ghníomaigh Chanáil Eglinton, i nGradaim Uile-Éireann pobail agus Comhairle 2025, ag an searmanas náisiúnta in Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh, Corcaigh, De Sathairn an 22 Feabhra. Anois sa 19ú bliain, tugann Gradaim Uile-Éireann Pobail agus Comhairle aitheantas agus ceiliúradh ar obair na n-údarás áitiúil i bpobail. Cuireadh Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar an ngearrliosta do 10 ngradam san iomlán thar raon éagsúi; catagóirí. Fuarthas 311 ainmiúchán i mbliana.
Mar thoradh ar an tionscadal buacach- Scéim Taistil Ghníomhaigh Chanáil Eglinton- rinneadh athnuachan ar chósan canála stairiúil, agus togadh trasrianta nua agus bearta maolaithe tráchta chun tús áite a tabhairt do choisithe agus do rothaithe. Cheadaigh sé seo do Chanáil Eglinton a bheith ina rianthaitneamhach lár na cathrach saor ó charr le naisc gan uaim chuig cinn scríbe lena n-áirítear Ardeaglais na Gaillimhe, Ollscoil na Gaillimhe, agus Ospidéal na hOllscoile Gaillimh, chomh maith le Lár Chathair na Gaillimhe agus An Póirse Caoch.
Ag labhairt faoi na gradaim, dúirt Leonard Cleary, “Tá lúcháir orm go bhfuil aitheantais faighte ag obair agus dúthracht na foirne agus na gComhaltaí Tofa de Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ag Gradaim Pobail agus Comhairle Uile-Éireann2025. Oibríonn os cionn 630 ball foirne agus 18 gComhalta Tofa ar bhonn laethúil ar fud na cathrach, chun seirbhísí agus bonneagar a sholáthar do mhuintir na Gaillimhe. Le 10 tionscadal ar an ngearrliosta, agus bua don Rian/Uiscebhealach is Fearr in Éirinn do Scéim Taistil Ghníomhaigh Chanáil Eglinton, aithníonn na gradaim seo cur chuige straitéiseach agus pobalbhunaithe Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun saol na gcónaitheoirí a fheabhsú, ach freisin chun Gaillimh a chur chun tosaigh i bhforbairt chathair fhorásach, inbhuanaithe.”
Dúirt an Comhairleoir Níall mcNeilis, Leas-Mhéara Chathair na Gaillimhe, “Comhghairdeas do gach éinne atá ar an ngearrliosta agus a bhuaigh gradam thar ceann Comhairle Cathrach na Gaillimhe tráthnóna inniú. Tá an fhoireann agus na Comhaltaí Tofa ag tnúth le cur leis na héachtaí seo do mhuintir Chathair na Gaillimhe, chun tacú le pobail rathúla agus le comhoibriú leanúnach.”
Seo a leanas na deich dtionscadal a bhí ar an ngearrliosta:
- Comhairle na Bliana 2025: Cathair na Gaillimhe
- An Mheabhairshláinte is Fearr: Seachtain Aosaithe Dearfach na Gaillimhe – Cathair na Gaillimhe agus Contae na Gaillimhe
- An Tionscnamh Gaeilge is Fearr: Gaillimh le Gaeilge
- An Rian/Uiscebhealach is Fearr in Éirinn: Canáil Eglinton (Buaiteoir Catagóire)
- An Tionscnamh Cliste Fuinnimh is Fearr: Cathair Phíolótach Neodracht
- Folláine an Phobail is Fearr: An tAer a Roinnimid
- An Tionscadal CSR is Fearr sa Phobal: Tionscadal an Bhaile Bháin
- Gradam Tionchair Náisiúnta: Ardán 94
- An Tionscadal Comhshaoil/ Éiceolaíochta is Fearr: Buaile Bó Baile an Locháin – Tionscadal Féaraigh Caomhnaithe
- Micrea-Thosú is Fearr: MartEye
Léigh tuilleadh faoi na gradaim ag https://lamaawards.ie/