
TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go mbeartaíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe ordú a dhéanamh go ndúnfar:-
Sráid Mhuire: Ó acomhal Sráid Mhuire agus Bóthar Shandair go dtí Sráid Mhuire agus Sráid San Proinsias.
Tréimhse an Dúnta: Ó 10.00r.n go 6.00i.n, Dé Máirt 4ú Márta 2025 go dtí Déardaoin 6ú Márta 2025.
Cúis: Chun oibreacha athchóiriú bóithre a éascú tar éis oibreacha gáis.
Bealaí Atreoraithe: Beidh bealaí atreoraithe sealadacha i bhfeidhm trí Baile Nua Mhic Gabhann, Cearnóg Theach na Cúirte, Cois Uisce agus Sráid San Proinsias.
Beidh slí isteach agus amach i gcónaí ag muintir an cheantair.
Cuirfear comharthaí suas faoi mhalairtí bealaigh sula dtosófar ar an obair.
Is féidir doiciméid a iniúchadh ag an bhFáiltiú, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8, le linn uaireanta oifige, ó 9.30rn go 1.00in, Luan go hAoine, Féadfar agóidí a dhéanamh i gcoinne an dúnadh sealadach beartaithe a chur isteach i scríbhinn chuig an tUasal Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ag an seoladh thuas, nó trí ríomhphost chuig: roads@galwaycity.ie tráth nach déanaí ná 12 nóin Déardaoin 20ú Feabhra 2025.