An Bhratach Chorcra le crochadh i gCathair na Gaillimhe agus i mBóthar na Trá in 2025

GCC employees, gardaí and stakeholders standing with purple flag

Tá muintir Chathair na Gaillimhe agus Bhóthar na Trá ag ceiliúradh agus é curtha in iúl dóibh go an Bhratach Chorcra bainte amach acu don bhliain 2025. Tugtar aitheantas leis an ngradam mór le rá seo dá ndílseacht geilleagar oíche (NTE) bríomhar, sábháilte agus fuinniúil a chur chun cinn.  Is é seo an dara huair ag Bóthar na Trá an bhratach a bhaint amach ach tá stádas na Brataí Corcra coinnithe ag Cathair na Gaillimhe ó 2015. 

 

Cosúil leis an mBratach Ghorm do thránna, is siombail í an Bhratach Chorcra ar bharr feabhais, ina bhféachtar leis an gcaighdeán a ardú agus an tóir atá ar an mbaile agus lár na cathrach a mhéadú idir 5 pm agus 5 am.  Leagtar béim ar ghréasán saibhir na siamsaíochta, an bhia agus an chultúir a chuirtear ar fáil i mBóthar na Trá agus i gCathair na Gaillimhe, an tráth céanna a bhfuiltear ag tabhairt tús áite do shábháilteacht agus do shláinte cónaitheoirí agus cuairteoirí atá ag baint taitneamh as an nGeilleagar Oíche. 

 

Dúirt an Comhairleoir Peter Keane, Méara Chathair na Gaillimhe, “Is léiriú an t-éacht seo ar an meon comhoibritheach atá faoi bhláth i gCathair na Gaillimhe”.  “Is mar thoradh ar an gcomhpháirtíocht láidir atá idir na gnólachtaí, An Garda Síochána, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, agus páirtithe leasmhara eile é seo.  Tá muid ag obair go díograiseach le hatmaisféar sábháilte agus taitneamhach a chur ar fáil do gach uile dhuine, idir chónaitheoirí óg agus chónaitheoirí níos sine, agus is léiriú é an gradam seo ar ár ndílseacht d’fhás agus rath leanúnach geilleagar oíche na Gaillimhe.” 

 

Tharraing painéal moltóirí na Brataí Corcra aird ar rath an dá áit: 

 

Bóthar na Trá: Mhol an painéal an fhorbairt agus an t-athbhreithniú ar sholáthar CCTV, na leithris phoiblí atá ar fáil feadh na promanáide, agus an rannpháirtíocht shuntasach a bhíonn ag gnóthaí le muintir na háite chun atmaisféar an gheilleagair oíche a fheabhsú ar an iomlán. 

 

Cathair na Gaillimhe: Thug an painéal aitheantas don rath a bhí ar thionscnaimh ar nós Youth Lates agus Café Lates, agus an chomhpháirtíocht láidir atá á cur chun cinn ag Fóram Comhairleach Páirtithe Leasmhara an Gheilleagair Oíche. Luadh ceapadh Chomhairleoir Geilleagair Oíche Chomhairle Cathrach na Gaillimhe mar léiriú suntasach den dílseacht d’áiteanna na Bhrataí Corcra agus iad sin atá ag oibriú laistigh den Gheilleagar Oíche. 

 

Is féidir le cuairteoirí agus cónaitheoirí úsáid a bhaint as an acmhainn “This is Galway/Galway by Night” má theastaíonn eolas faoi imeachtaí agus gníomhaíochtaí i nGaillimh i rith na hoíche.  

 

Tá Gaillimh ar cheann de 80 áit a bhfuil an Bhratach Chorcra bainte amach aige ar fud an domhain, ar áiteanna móra turasóireachta agus bailte margaidh iad ar fud na Ríochta Aontaithe, na hÉireann, na Sualainne, Mhálta, na Nua-Shéalainne agus na hAstráile.  Le 15 bliana, is í an Bhratach Chorcra an caighdeán is airde is féidir a bhaint amach i mbainistíocht an gheilleagair tráthnóna agus oíche.