Ciste na nDéanmhas Stairiúil 2025 / Glacadh le hIarratais Anois

Ciste na nDéanmhas Stairiúil 2025 / Glacadh le hIarratais Anois

 

Tá glacadh anois le hiarratais faoi Chiste na nDéanmhas Stairiúil (CDS) maidir le cabhair deontais d’oibreacha ar dhéanmhais incháilithe faoi mar a liostaítear thíos. Is féidir treoir maidir le hiarratas a dhéanamh agus an fhoirm iarratais a íoslódáil thíos.

Ní mór iarratas faoi CDS a chur faoi bhráid conservation@galwaycity.ie faoin 17 Eanáir 2025. Moltar don lucht iarratais plé a dhéanamh leis an Oifigeach Caomhantais Ailtireachta roimhe sin ar conservation@galwaycity.ie, ó tharla nach féidir iarratas atá curtha faoi bhráid a shoiléiriú / a choigeartú ó bhíonn an dáta sin caite.

Déanmhais Incháilithe

Aon Déanmhas Cosanta ar Thaifead Chathair na Gaillimhe de Dhéanmhais Chosanta (TDC).

Déanmhas atá incháilithe lena lua nó beartaithe a lua ar an TDC ach nach bhfuil sin aontaithe go foirmeálta go fóill. Ní mór déanmhas dá leithéid sin a bheith sa chaoi agus go sásaítear na critéir maidir lena lua ar an TDC ag an Údarás Áitiúil, i.e. é a bheith ina ábhar speisialta spéise maidir le cúrsaí ailtireachta, staire, seandálaíochta, ealaíne, cultúir, eolaíochta, sóisialta nó teicneolaíochta.

Déanmhas nó obair i Limistéar Caomhantais Ailtireachta (LCA) nó i réimse taitneamhachta Séadchomhartha Náisiúnta, i gcásanna eisceachtúla. 

Oibreacha nach bhfuil Incháilithe

Déantar tagairt don Chiorclán thíos maidir le liosta oibreacha nach mbeidh inghlactha maidir le cabhair deontais.

Maidir le Ciste na nDéanmhas Stairiúil

Tá an CDS á rith an tráth céanna leis an Scéim Infheistíochta san Oidhreacht Foirgníochta (SIOF) faoina ndéantar infheistíocht i mbearta caomhantais nach ar mhórscála iad. Tá an CDS dírithe ar oibreacha caomhantais ar mhórscála. Déanann an Brainse Caomhantais Ailtireachta i gComhairle Cathrach na Gaillimhe an CDS a riar thar ceann na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil & Oidhreachta.

Is féidir iarratas maidir le haon déanmhas faoi leith a dhéanamh faoin SIOF agus an CDS araon, ach ní féidir cistíocht a cheadú faoi níos mó ná aon scéim amháin in aon bhliain faoi leith.

Is iad na príomhaidhmeanna leis an gciste: 

A thabhairt gur féidir obair chaomhantais ar mhórscála a dhéanamh ar dhéanmhais oidhreachta a meastar suntas a bheith leo agus a  bhfuil gá le beart a dhéanamh ina leith go práinneach; 

Athbheochan agus athúsáid as áitribh oidhreachta a spreagadh agus cuidiú le caomhnú na ndéanmhas cosanta agus/nó na sócmhainní lena bhfuil suntas cultúir a chinntiú; 

Treisiú le caipiteal príobháideach a infheistiú i dtionscadail atá trom ó thaobh lucht saothair ar mhaithe le déanmhais stairiúla a chaomhnú le húsáid ag an bpobal atá faoi úinéireacht phoiblí agus phríobháideach. 

Bonn daingean a choinneáil faoi fhostaíocht i dtionscal an chaomhantais agus i dtionscal na tógála. 

Cur leis an seasamh sna háitribh oidhreachta ionas go bhféadann siad tionchar an athraithe aeráide a chur díobh.

Iarratasóirí Inghlactha

Iarratasóirí príobháideacha atá ina n-úinéirí nó ina gcumhdaitheoirí ar dhéanmhais inghlactha de na cineálacha a liostaítear thuas. 

Is féidir leis an Údarás Áitiúil iarratas a dhéanamh maidir le hoibreacha ar dhéanmhas incháilithe atá faoi úinéireacht phoiblí sa chás go léirítear béim faoi leith ar chúrsaí oidhreachta agus ar leas an phobail.

Iarratas a Ullmhú

Tá an fhoirm iarratais thíos mar aon le treoir d’iarratasóirí. Moltar don iarratasóir eolas maith a chur ar na cáipéisí seo.

Ní mór an cháipéisíocht uilig, faoi mar a liostaítear thíos, a bheith isteach leis an iarratas:

  • Foirm A (An Fhoirm Iarratais) agus í líonta isteach
  • Ráiteas Cuimsitheach faoi Mhodhanna Oibre (ceadaítear an treoir maidir le heolas breise faoinar ceart a lua sa ráiteas faoi mhodhanna oibre)
  • Liosta Seiceála maidir le hIarratas

Ní bheidh glacadh le hiarratas nach bhfuil iomlán tar éis an dáta deiridh a luaitear thíos.

Ní mór gach coinníoll faoin reachtaíocht a shásamh i ndáil le gach cuid den obair a dhéantar faoin CDS, an gá le cead pleanála san áireamh. Sa chás go bhfuil obair á beartú ar láithreán/séadchomhartha a thagann faoi chosaint Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930-2004, ní mór cloí leis na coinníollacha reachtúla maidir le fógra a thabhairt nó toiliú an Aire a bheith le hobair a dhéantar faoi na hAchtanna sin.

Más mian leat tuilleadh eolais, soiléiriú nó treoir a fháil faoi iarratas a ullmhú, nó deimhniú go bhfuil an déanmhas atá i gceist agat faoi Chosaint, go bhfuil beartaithe déanmhas cosanta a dhéanamh as, nó go bhfuil sé i LCA, scríobh chuig Michael Scott, Oifigeach Feidhmiúcháin Caomhantais Ailtireachta i gComhairle Cathrach na Gaillimhe ag conservation@galwaycity.ie nó glaoigh air ar 091 536400.

Iarratas a Chur Isteach

Ní mór iarratas iomlán a chur isteach tráth nach deireanaí ná 4 i.n., DÉ hAOINE, an 17 EANÁIR 2025 chuig conservation@galwaycity.ie

Luach na gCistí atá ar Fáil

Deontais idir €50,000 agus €200,000, (nó, i gcásanna eisceachta, suimeanna níos mó ná €200,000).

Is féidir iarratas a dhéanamh maidir le 50% de na costais inghlactha. I gcásanna eisceachta, is féidir céatadán níos airde a lorg, faoi réir ag uasmhéid 80% de na costais inghlactha.

An Tráthchlár maidir le Críochnú na hOibre

Tiocfaidh fógra faoi chistí a cheadú go sealadach chuig na hiarratasóirí a n-éiríonn leo i dtús na bliana 2025 agus beidh na hoibreacha le tabhairt chun críche faoi mhí Dheireadh Fómhair 2025. Tugtar chun aire, ina dhiaidh sin, gur féidir deontais a eagrú ina gcéimeanna faoi leith ar feadh dhá bhliain nuair a iarrtar sin. 

Oibreacha ar Ceadaíodh Cistí ina leith roimhe seo

Ceadaíodh cistí faoin CDS i rith na mblianta roimhe seo i ndáil le réimse leathan oibreacha i gCathair na Gaillimhe. Áirítear orthu sin obair ar dhíonta (tuíodóireacht san áireamh), ar fhuinneoga (fuinneoga nua a fheistiú san áireamh) agus ar dhoirse, pláistéireacht taobh istigh, deisiú ballaí, pláistéireacht taobh amuigh agus eile. Rinneadh gach gné den obair de réir an tsárchleachtais caomhaontais ionas gur cinntíodh na déanmhais a fheabhsú agus a chosaint.

Moltar don lucht iarratais athbhreithniú a dhéanamh ar liosta na n-oibreacha / na ndéanmhas sa chiorclán treorach thíos a bhfuil agus nach bhfuil glacadh leo.

Pleanáil na nOibreacha

Tá de chuspóir leis an CDS an sárchleachtas agus na bunphrionsabail maidir le tógáil chaomhantais a chur chun cinn. Is tábhachtach an rud na prionsabail thíos a thabhairt san áireamh agus iarratas á ullmhú. Treiseoidh ráiteas soiléir faoi scóip na n-oibreacha agus na modhanna oibre ar léir go dtagann siad faoi anáil na bprionsabal seo le hiarratas agus cuideoidh sin lena chinntiú go dtugtar faoi na hoibreacha is oiriúnaí agus is géire a theastaíonn. 

Taighde agus Anailís – Tuiscint ar an déanmhas ó thaobh cúrsaí staire agus an riocht ina bhfuil sé faoi láthair.

Leas as Comhairle Saineolais – Éilítear faoin CDS go dtagann an obair faoi anáil duine den lucht caomhantais gairmiúil, nó nuair a bhaineann le hábhar, faoi anáil ceardaí oilte, agus go ndéanann an duine sin an obair.

An Leas Speisialta a Chumhdach – D’fhéadfadh gur soláimhsithe agus doláimhsithe an leas speisialta sa chaoi a mbeadh baint aige leis an gcuma atá ar dhéanmhas, leis an bhfeidhm atá leis nó leis an gceangal atá aige le duine, le dream nó leis an bpobal. I gcásanna go leor, bíonn leas speisialta soláimhsithe agus doláimhsithe le déanmhas cosanta nó le déanmhas in LCA. Leas Speisialta an bonn a bhíonn le déanmhas nó cloigín déanmhas a chumhdach agus tugtar san áireamh gnéithe Ealaíonta, Seandálaíochta, Ailtireachta, Cultúir, Staire, Sóisialta, Eolaíochta agus Teicneolaíochta. Má tá tú i d’úinéir nó i d’áitritheoir maidir le Déanmhas Cosanta nó le déanmhas i Limistéar LCA, tá catagóir áirithe de leas speisialata luaite leis an déanmhas nó leis an limistéar. 

A Laghad Beartaíochta agus is Féidir – Déantar an méid is gá agus a laghad is féidir. Cur chuige é seo a bhfuil ciall leis ó thaobh sárchleachtas ailtireachta agus luach an airgid.

Aird ar Athrú Roimh Ré – Tagann gach déanmhas faoi athrú le himeacht na mblianta agus na gcianta, is tábhachtach an rud aird agus meas a bheith ar athruithe a chuireann leis an leas speisialta a ghabhann le déanmhas.

Deisiú chun Tosaigh ar Ionadú – Ní féidir ábhar stairiúil an déanmhais a athrú; nuair a thugtar chun bealaigh é, tá sé imithe. Ba cheart gach dícheall a dhéanamh oiread den ábhar stairiúil agus is féidir a choinneáil nuair a dhéantar obair ar dhéanmhas stairiúil nó ar dhéanmhas in LCA.

Ionracas Deisiúcháin agus Athraithe – Ba cheart go mbeadh oibreacha nua, nuair is cuí iad, le haithint go caolaigneanta ó ábhar stairiúil / ó ghnéithe stairiúla.

Ábhar agus Modhanna Oiriúnacha – Ní mór oibreacha beartaithe a bheith ag teacht leis an mbunábhar sa déanmhas stairiúil agus leis an mínsaothrú air. Moltar cloí le cineálacha ábhair / modhanna oibre a bhfuil dea-theist orthu le himeacht aimsire. Is ceart a bheith aireach faoi ábhar nó modhanna oibre nua-aimseartha a úsáid agus bonn fianaise atá daingean ó thaobh na heolaíochta de a bheith lena n-oiriúnacht.

Iarghabháil – Is é is fearr, nuair is cuí, gur féidir toradh saothair a bhaint amach nó a athrú ar ais gan aon chur isteach suntasach ar an déanmhas stairiúil.

Damáiste de réir a chéile – D’fhéadfadh oibreacha, nach mór an tionchar is léir aon tráth ar bith acu ar dhéanmhas stairiúil, a bheith ina gcur isteach mór, ar a n-áireamh le chéile le hoibreacha beaga eile a dhéantar, ionas gur dochar buan suntasach a bhíonn ar an déanmhas.

Tarrthálas Ailtireachta a Sheachaint – ní ceart úsáid as ábhar a bhíodh i bhfoirgnimh eile a thapú murarb é an chaoi nach bhfuil an t-ábhar atá de dhíth á tháirgiú níos mó, gur féidir bunfhoinse an ábhair a dheimhniú, agus gur go dleathach a rinneadh an t-ábhar a thabhairt chun bealaigh.

Cáipéisí Iarratais agus Treorach - Íoslódáil

Is féidir Leabhrán Treorach Chiorclán CDS 2025, an Fhoirm Iarratais agus an Liosta Seiceála a íoslódáil thíos.

Document Guidance Circular - HSF 2025.pdf (PDF, 1.07MB) Document Application Form A - HSF 2025.docx (DOCX, 138.52KB) Document Application Checklist - HSF 2025.docx (DOCX, 19.1KB)