Tá sainmhíniú leathan ar bhruscar agus tá níos mó i gceist leis ná píosaí páipéir nó butaí toitíní a chaitheamh thart, is féidir leis a bheith beag nó mór, agus tá sé nó is féidir leis a bheith, mímhaiseach.
I rith na bliana, cabhraíonn grúpaí an phobail, grúpaí gnó, cumainn áitritheoirí, coláistí agus scoileanna lenár gCathair álainn a choinneáil slachtmhar trí pháirt a ghlacadh i nglanacháin an phobail.
Féadfaidh údaráis áitiúla rogha a thairiscint d’iarratasóirí ceadaithe tithíochta agus aistrithe maidir le teach nua a roghnú. Is féidir le hiarratasóirí spéis a léiriú i dtithe a fhógraítear.
Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag déanamh dul chun cinn i láthair na huaire ar sholáthar na Tithíochta Inacmhainne.
Déanfar na scéimeanna ina bhfuil Tithíocht Inacmhainne ar fáil a fhógairt go poiblí ar shuíomh Gréasáin an Údaráis Áitiúil, sna nuachtáin áitiúla agus sna meáin shóisialta.
Is tionscnamh Rialtais é Seomra do Mhac Léinn – Scéim Tionóntachtaí Údaráis Áitiúil a cheadaíonn do thionóntaí údaráis áitiúil seomra nó seomraí ina dtithe a ligean ar cíos do mhic léinn tríú leibhéal má fhaigheann siad cead roimh ré ón údarás áitiúil, atá ag feidhmiú mar thiarna talún. I ndiaidh iarratas a dhéanamh agus cead a fháil, féadfaidh an Tionónta an seomra ábhartha a ligean ar cíos faoin gceadúnas i gcomhair bhliain acadúil an mhic léinn. Tá aon ioncam breise a fhaigheann tionónta údaráis áitiúil mar thoradh ar pháirt a ghlacadh sa scéim ináirithe sa ríomh ar an gcíos a íocann sé nó sí leis an údarás áitiúil.
Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag iarraidh líon na n-aonad tithíochta inacmhainne agus sóisialta a mhéadú trí mheicníochtaí seachadta éagsúla, lena n-áirítear aonaid lándéanta a fháil ar láithreáin úrnua/athfhorbraíochta/agus/nó neamhchríochnaithe forbraíochta tithíochta arna gcriosú le haghaidh úsáide cónaithe.